Maidin Luan Cásca – Corn Uí Riada 2017

Amhránaí

Maidin Luan Cásca

Maidin Luan Cásca tríd an mBlárnan soir
Agus mo shlán beo anois lem’ dhúthaigh,
Ó cá bhfios ná go mb’fhearr a bheadh a’ cás againn
Ná ag a lán a bheadh linn mar ghúil air?
Ba mhinic mo lámh id’ bhán-chrobh ghil,
Is do shláinte i ndígh go ndiúgfainn,
Is go bhfeicfead buan bláfar tú i gcáil ‘s i gcion,
Cé gur fhágais anois go dubhach mé.

Ó is minic a deirim féin le créachta ‘gus le sult,
Go mbeadh an saol againn go súgach,
I rúmannaibh aolmhara a’ déanamh féile i dtigh
Agus cead saor againn ón gciúin-fhear.
Do bheacha dhá n-aoireacht lá gréine amuigh,
Is mé féin istigh i lionndubh,
‘S dá mairfinn le saol ní dhéanfainn san
Agus go deimhin gur tú mo rúnach.

An té a chífeadh an sár-fhear i lár a’ ghoirt,
Agus a chorrán ar a chuislinn phlúraigh,
Is bog ‘s is breá do ghearrfadh ucht
Is bhí an barr aige ón gcúigear.
I ndiaidh a sheisreach lárach ba bhreá é a ghuth
Is thiomáineadh san chun siúil iad,
I dtithibh a’ tábhairne a’ díol pláta ghil –
“Tuiseántar puins ‘s lionn dom!”

An té a chífeadh an óigfhear néata deas
Agus a bhróigín smeartha néata,
A chasóg nua agus dar ndóigh a bheist,
I gcóir is i gceart bhí a bhéavar!
‘S mó cailín óg gleoite deas
Atá go brónach lag tar-théise
Dá mbeadh aici ór go leor agus ba,
Dob’ í rún agus searc do chléibh í.

Is dá bhfaighinn-se péapar néata deas
Agus cead scríobh go mion le barr pinn,
Do chuirfinn-se síos díobh gníomhartha an fhir,
Agus is domh-sa féin nár chás san.
‘Na sheasamh ar an inse chun ríl nó jig,
Is ní fearr ná mar imreodh báire,
An damhas bruinneall sa ríocht a chífeadh a chlis
Óna chroí ná go dtabharfadh grá dhó.

Tá mo shúil-se go dian leis a’ dTiarna anois,
‘Na dhiaidh so go mbeidh againn saol maith,
‘S cead fuinidh agus riar go fial id’ chistin,
‘S ‘na dhiaidh san do linbh á mbréagadh.
Do bha boga ar shliabh nó in íochtar coille,
Á dtriall ag duine dá n-aoireacht,
Agus buillí trom’ dian ‘gan cáim ar do chuiginn
Óna chroí ná go dtabharfadh grá dhó.