Carraig Aonair – Sean Nós na mBan 2019

Carraig Aonair

Ó Luan dubh an áir tháinig suaimhneas ró-bhreá
Is do ghluaiseathair uaimse leath-uairín roimh lá
Ag iascaireacht i mbád, i gcontúirt bhur mbá,
‘S go mbeidh iarsma na bliana úd ina ndiaidh go bhfaghad bás.

‘Sé Dónal mo mhaoin an té ab’ óige dem chlainn,
Agus coicís ón lá san a tháinig sé i dtír
Gan tapa gan bhrí, ‘s gan anam ‘na chroí
Ach a ghéaga bhoga geala is iad leata ar a dtoinn.

‘Sé Cormac mo stór, ‘sé rogha na bhfear óg
A bhí mómhuil maiseach múinte géarchumtha go leor.
Do scríobh sé ar a’ gcóir leis an mbúcla ‘bhí ina bhróig
Gurb í Carraig Aonair a chéile go deo.

Tá duine eile dom chlainn nár thráchtas air puinn
Sé Finín mo chúngracht, ceann cothaithe an tí,
Thugadh an fia leis ón gcoill is an bradán ón linn,
Fideoga dubha an tsléibhe is gan bhréag an chearc fhraoigh.

‘S a mhian óg mo chroí, ná goilse is ná caoin
Mar gheobhaidh tú togha an nuachair a dhéanfaidh rómhar duit is crích
Ach ní bhfaigheadsa mo mhian, ná mo thriúr d’fhearaibh groí
Ná mo cheathrar bhreá mheidhreach de lúbairí groí.

’Sí an Nollaig seo chugainn an Nollaig gan fonn.
I ndiaidh mo cheathrar bhreá brollaigh gheal tá fé shruthaibh na dtonn.
Dá bhfaighinnse mo thriúr, atá go doimhin ins an úir,
Is ró bhreá do shínfinn agus chaoinfinn iad siúd.

Nuair a théimse ar an gclaí, nuair a fhéachaim uaim síos,
Nuair a chím Carraig Aonair sea pléascann mo chroí.
Is ar ais liom arís go dtí mullach mo thí,
Ós gurb í Carraig Aonair is céile dom chlainn.