An Bonnán Buí – Corn Uí Riada 2016

Amhránaí

A Bhonnáin Bhuí, sé mo léan do luí,
‘S do chnámha sínte i ndéis do ghrinn
Chan easpa bí ná díobháil dí
A d’fhágadh i do luí thú ar chúl do chinn.
Is measa liom fhéin ná scrios na Traoi
Tú i do luí ar leaca liom
Is nach dearn tú dí nó dolaidh sa tír
Is nárbh fhearr leat fíon ná uisce poll.

Tá mo cheann-sa tinn is níl a rá ann
Ná d’éirigh a lán den trioblóid domh
Mo chairde cruinn gan áit gan bhroinn
Nach ndearn sé tí ná foscadh domh
Do bheilín binn a bhíos ag síor thabhairt grinn
Is measa liom do chomhrá nár carthanach
Murach an dícéile bheinn fhéin saibhir
Ach ghlac mé rogha don bhuairt sin ort.

Ní hé bhur n-éanlaith atá mé a éagnaoi
An lon, an chéirseach ná an chorr glas,
Ach an bonnán buí a bhí lán de chroí
Gur chosúil liom féin é i nós is i ndath.
Bhíodh sé go síoraí ag ól na dí
Is deirtear go mbím ar an nós sin seal
Ní aon ndeoir dá bhfaighinn nach ligfinn síos
Ar chéasa go bhfaighinnse bás den tart.

Sea d’iarr mo stór orm stadadh den ól
Nó nach mbeinn anseo ach seal beag gearr,
Ach sé dúirt mé léithe gur aithris sí bréag
Gur fada ar mo shaol an deoch úd a fháil.
An bhfeiceann sibh éan an phíobáin réidh
A chuaigh in éag an tart ar ball
Ach a chomharsana cléibh, fliuchaigí bhur mbéal,
Ní bhfaighidh sibh an mbraon i ndiaidh bhur mbás.