Malaidh Chró Laoigh- Corn Uí Riada 2018

Amhránaí

Malaidh Chró Laoigh

Lá aoibhinn gan bhuaireamh is gan mhearaí is mé ag ardú amach mullaigh Chró Laoigh
Faoi imeall na néalta go bhfaca mé an spéirbhean ag gabháil tharam sa tsliabh
Thug sí dealramh breá aerach a bhí dathúil ar dhá thaobh an ghleann ar gach taobh
Mo chéadfaí gur réab sí chun seachrán is d’fhág sí tréan smál ar m’aigne faraor.

Bhí a péire cos déanta go dathúil nach éadrom nach ramhar is nach caol
Bhí naoi dtroithe líonta lag marbh is bhí a péire bos álainn geal mín
Bhí cuma uirthi mar an fhaoileán nó an eala is bhí an chéirseach gan tlacht lena taobh
Bhí dealramh an gha gréine ar gach fathmhainn di ach cé chás a buclaí buí.

Tá mo chuidiú-se ag laghdú faoi bhaile, níl capall, níl caora is níl maoin
Níl aon neach faoi shléibhte lá earraigh le pléisiúr a chur ormsa mar bhí
Ó d’imigh an spéirbhean a bhí dathúil a dtug mé spéis di nach bhfanann liomsa choíche
Le laigeacht ní fhéadfaidh mé í a mhealladh fá chríonach ach an pian i mo chroí.

A Eibhlín má éagaim bí ar m’fhaire, déan foighid is ná cluintear tú caoi
Ó m’anam do bhuaireamh atá orm ní dóigh liom go mairfidh mé mí
Sé grá a thug fear céille don chailín nach scaoiltear go dtéigh sé faoi luí
A Ard Rí bí faobhrach le m’anam nó b’éigean dúinn scarúint ón ghaol.

Char náir domhsa bheith i ngrá leis an chailín sí ab’fhearr domh dá bhfaca mé riamh
A tarrtháil ar shráid in sa bhaile, lá fómhair nó earraigh fá’n tsliabh
Is iomaí sin tréan fhear breá fearúil thug spéis di nach n-agróadh maoin
Ach le fuath gur fhéad sí a ghlacadh sí an féirín í gealladh do Bhrian.