Pádraig Mac Ruairí – Corn Uí Riada 2018

Pádraig Mac Ruairí

A Phádraig ‘ig Ruairí, a chorp an duine uasail
Go maire tú go buan in do shláinte
‘S gur i dToraigh ó thuaidh atá dea-mhac an tsuairchis
A mbíonn loingeas go buan aige ‘s bádaí.
Ní fá chladaigh go suarach ba mhian leis a bheith ag gluaiseacht
Ach ag tarraingt go cuantaí na Spáinne.
Is go bhfuil an chabhlach sa ruaig air, is an lámhach anuas leo
‘S ní bheirfear i gcruatan ar Phádraig

Tá Paidí agus Éamonn Ó Dubhgháin na féile
Ag imeacht araon chun na Fraince
Is tá an slúp leofa gléastaí faoina chuid éadaigh
Ag tarraingt fá fhíon agus brandaí.
Cé’r b’ionadh linn Pádraig le hearradh na Spáinne
Teacht chugainn ar sáile go cinnte
Is go bhfuil a chliamhain ag tráchtáil ag siúl fríd na náisiúin
Ag déileáil le Spáinnigh ‘s le Franncaigh.

Níl aon áit i Roinn Eorpa a mbí fairsngeacht is fónamh
Nach mbíonn againn i gcónaí in am angair
Is coimrigh Rí an Domhnaigh ar scoith na bhfear cróga
Le linn gaoithe móire is dainséir.
Tá coirce agus eorna chomh fairsing le móna
Anoir ó Ghaoth Dobhair go dtí an gleann seo
‘S bhéarfaidh Pádraig go leor as Condae Mhaigh Eo
Is ní bheidh orainne brón ins a’ tSamhradh.

Ar imeacht as géibhinn di is ró-dheas a’ péarla
‘S dealramh ón ngréin uirthi timpeall
‘S nárbh aoibhinn an áit a bheith ag muileann na sclátaí
‘Gus ólfaidh muid ár sáith ann go cinnte.
Tá fáilte ag na céadta ‘un a’ cábáin ar féasta
Is í sínte ag an ché maidin shamhraidh
‘S tiocfaidh chugainn ‘un a’ bhadhúin siúcra agus cláraí
Lasta rum láidir agus brandaí.

Tá an stór aici líonta den bheoir is daoire
Rum, brandaí ‘gus fíontaí na Spáinne
Is tá bádaí na tíre ag tarraingt go líonmhar
Is ag ceannacht ina saoirse ó Phádraig.
A Nansaí, tá an chraobh leat i dToraigh go síoraí
‘Gus éireoidh an saol úr go brách leat
Níor lú leat Caitríona, bean Éamoinn an chroí mhóir
Nó ‘s aici atá aoibhneas na háite.