Maighre an Chúil Óir Bhuí – Corn Uí Riada 2013

Maighre  an Chúil Óir

Ó chaith mé seacht seachtainí i Mainistir na Buaille
Mo shuí mo luí, ní mo chodladh ach mo mhuscladh
Nuair a shíl mé bheith teacht ‘na bhaile is an eaglais a bheith faoi rún liom
‘Sé brí mo scéil a chailín gan tusa a bheith ag dúil liom.

‘S nach maith an fear fóinte mé lá Fómhair ‘gus Earraigh
Bhainfainn fhéin an chruithneacht agus chuirfinn romham í ins na bealaigh
Tá bláth buí ar an eorna is tá’n Fómhar ag pilleadh arís léi
A croí brúite ar an óigmhnaoi, nach lág brónach a d’fhág sí mise.

‘S nuair a théimse i gcos íseal dhéanaim faoistin leis an t-sagart
Is ortsa a bhíom ag smaointeadh ó oíche go dtí’n mhaidin
‘S mura bpilleann tú a stóirín, faoi dhídean na coilleadh
‘Sí mo chonair a bhéas á cóiriú is fear mo chaointe i bhfad ó bhaile.

Tógfaidh mé mo sheoltaí go brónach fá Shamhain
Is ní dhéanfaidh mé stad nó cónaí nó go raibh mé féin is mo ghrá i Sasainn
‘Sé an trua nach an bás a bhí i ndán domh ar mo leabaí
Sular chuir mé cúl mo dhá láimh le cúilín bán deas i bhfad ó bhaile

Tá smúid ar na réalta ar an ghréin ‘gus ar an ghealaigh
Tá dalladh ar mo radharc is ní léar domh na bealaigh
Tá cuachín i nGleann Éiniú más féidir domh í a mhealladh
Ní scarfaidh mé go h-éag léi nó go dtéigh muid araon i dtalamh.