Máire Bhruinneall – Corn Uí Riada 2009

Máire Bhruinneall

Tá báb dheas gheanúil ‘san áit nach bhfuilim
Is áille maise is a féachaint,
Agus grá go dtug dí thar mhná na cruinne
Is go bráth ní thig liom a séanadh.
Tá píob a brollaigh ar lí na h-eala
Ag éirí ar maidin lá gréine,
Is a gnaoi comh maisiúil le réalta an earraigh
Is a ciabh mar chleite an fhéich dhuibh.

‘S a Mháire Bhruinneall bhí lá is ní chuirfeá
Mo cháin ó Dhoire go hÉirne;
B’é an stá bhí orm bróg’ arda is buclaí
Is ní áirím culaith mhaith éadaigh.
‘Sé fáth mo thuirse gach lá dá bhfuilim
‘San áit nach gcluinim do scéala;
‘S gurbh fhearr liom tamall de lá os do choinne
Ná ar fhás de chruithneacht in Éirinn.

Is trua gan mise ‘s mo phlannda i n-Inis
Taobh thoir de Bhaile Chúil Raithne,
Faoi bhéal na binne nó’r bhruach na Finne
Nó ag féachaint loingis ar sáile.
Oíche is maidin bím ag machnamh
Cá bhfuaireas a maise ‘s a méin mhaith.
‘S nárbh aoibhinn m’aigne ach í bheith i m-aice
Is dá mbínn gan bacáil féin léi.

Dá bhfaighmis  uain is lá gan duadh
Ba ghearr ár gcuairt san áit seo;
I ngleanntán chung nó ‘n árd-choillí thuas
Dhéanaimis ár gcumann ‘s ár n-áras.
Nár mhéanair ár gcumann gan aoinneach chugainn
Ach géaga na coille ‘n ár láthair-ne
Sé déarfadh gach duine gur lách ar n-imeacht
Mar d’éalaigh Diarmuid agus Gráinne.