An Bínsín Luachra – Amhráin is Ansa Liom

Amhránaí

An Bínsín Luachra

Do bhíos-sa maidin drúchta,
go huaigneach ag siúl na trá
Mo ghaidhirín liom ag gluaiseacht
ag uallfairt, is mo ghunna im láimh;
Nuair do dhearcas-sa chugam an stuaire
ba dheirge grua ‘s ba mhilse bláth,
Bhí ábhar binsín bainte aici
dena luachra ba ghlaise ag fás.

Ó d’fhéachas ar na cuanta
‘s bhí an t-uaigneas againn ar neoin
‘S dhruideas le mo stuaire
Is d’uairíos uaithi cúpla póg;
‘Sé a dúirt sí liom go huaibhreach:
“Fan uaim ‘s ná cuir orm stró
‘S ná scaip mo bhinsín luachra
Is a fuaireas-sa dá thrioblóid.”

“A chailín bhig na luachra,
an ligfeá-sa do bheart ar lár,
Nó an dtiocfá liomsa in uaigneas
faoi bhruach na coille is deise bláth?
Mar Sagart ní bhfaigheadh aon scéal air
ná aon neach dá bhfuil le fáil
Go dtaga caint dhen gcéirsigh
‘S go n-iompódh an londubh bán.”

Ó a chailín scoth na luachra
Glac suaimhneas agus fan go réidh
Ní dual duit a bheith chomh buartha
In uaigneas agus tú leat féin
Mar má scaipeas do chuid luachra
Is dual go mbeidh mórchuid de arís
Is bainfead binsín breá duit
Chomh álainn lenar chaill tú riamh