An Corrán – Amhráin is Ansa Liom

Amhránaí

Téamaí

An Corrán

Mo mhallacht ar an lá úd a d’fhág mise Béarra
Agus mé ag imeacht ar fán ag fáníocht óm’ ghaolta,
Chuas go dtí Port Láirge ag tuilleamh mo phá ‘nós aon fhir,
Mo mhallacht ar an gcorrán, ghearr sé sa mhéir mé ‘san Bóilió.

Ó raghad go dtí Port Láirge an chéad lá gheobhadsa chun gluaiste
Agus ceannóidh mé mála ná fágfaidh an t-ualach,
De cheannbhás bán a bheadh láidir chun buanais,
Agus b’fhearr liomsa bás a fháil ná an corrán seo a lua liom ‘san Bóilió.

Scríobhfad litir faoi shéala go dtí an taobh thiar d’Éirinn,
Gurbh é an corrán a leon mé ‘s a dhein íospairt lem’ shaol díom,
Bhí sé chomh géar úd agus a leithéid siúd d’fhaobhar air
Go ngearrfadh sé an diabhal dá bhfaigheadh iarracht sa mhéir de, ‘san Bóilió.

Nach greannmhar an taibhreamh a deineadh aréir dom,
Gur bheireas ar an gcorrán agus gur ghearr sé an mhéir díom
Bhí mise curtha ‘s an codladh dom’ thraochadh
Ach chuas seacht slata as an leaba den léim sin, ‘san Bóilió.

Ó bhí sé chomh fada, chomh leathan, chomh réidh sin,
Dheamhain fear ina bheatha a choimeádfadh ina ghéig é;
Ach dá mbeadh sé ag Samson b’fhearr é chun laochais
Ná Conall ‘s ná Conán, lámh láidir na Féinne, ‘san Bóilió.

Ó ba mhaith ar mo ramhainn mé ‘s ní b’ fhearr ar mo shluasaid;
Threabhfainn, thiomáinfinn ‘s is róbhreá do bhuailfinn;
Bhéarfainn ar mo chamán im’ dheasláimh mar ba dhual dom;
Mo léan ar an gcorrán; chuir sé creathán im’ ghuailibh,‘san Bóilió.

Tá gabha geal sa Spáinn ‘s ní thráchtfad lem’ shaol air,
Briseadh ar a shláinte nár gheibhe sé faothamh,
Mallacht ón bPápa ‘s óna chairde go léir air,
Mar dhein sé an corrán dom ‘s níor fhág sé roinnt maol é, ‘san Bóilió.

Ó b’fhearr liomsa bás a dh’fháil sa tine naoi n-uaire
Nó an t-uisce as an gciteal a chur ag fiuchadh im’ chluasaibh,
Mo chosa a bhriseadh le bithbhuillí tua,
Ná an corrán so ‘om mhilleadh ‘s dom’ bhreith síos san uaigh leis ‘san Bóilió.