An Cailín Fearúil Fionn – Mná faoi 35bl 2015

Téamaí

An Cailín Fearúil Fionn

Is dá mbeadh bó nó dhó ag mo stóirín
Nach deas mar a sheolfainn iad
Níorbh fhearr liom áit dá seolfainn iad
Ná amach ag Loch an Bhuí
Mar is ann a dhearc mé an óigbhean
Go deo deo bhris mo chroí,
‘S mura bhfaighidh mé í le pósadh,
Ní mhairfidh mé beo mí.

‘Gus a stóirín, ná bíodh buaireamh ort,
Sin dobrón ná briseadh croí,
Ná déanadh aon ní imní dhuit
Ach aer ‘s spóirt an tsaoil,
Dá mba liomsa a bhfuil den ór buí
Faoi ghlas i gcomhraí an Rí,
Óra, ‘s dhuitse fhéin a thabharfainn é
Mar is tú an cailín fearúil fionn.

‘S nach é an truaigh gan mé i m’éinín
Agus cleite ar chuile dhath.
Ó, threabhfainn ar fud na réigiún
Ar thuairisc mo chailín deas,
Mar is deise i bhfad í ná Véineas
‘S ná a bhfuil de mhná faoin saol
‘S nach cuma céard a déarfas mo mhuintir liom
Is léithe a phósfar mé.

Is nach é an trua gan mé i Sasana
Agus mé i mo cheannaí snátha,
Mo stóirín a bheith in aice liom
Is níorbh bh’fada liom an lá
Mar ó d’íocfadh sí an reicneáil
Agus d’ólfainn-se go binn,
‘S nach snámhfainn páirt den fharraige mhór
Le mo chailín fearúil fionn.