Táilliúr a’ Mhagadh – Mná faoi 35bl 2015

Táilliúr a’ Mhagadh

‘Gus thíos ag an tobar ‘sea chuir mise an fáinne amú,
Sea a dhearc mise an ainnir ba deise is ba bhreáichte snua,
Bhí a grua trí lasadh ‘s a leicne mar bláth na n-úll,
‘S má dhearc sise mise níor lig sí mo shláinte amú.

‘S dá mbeadh fhios agam fhéin aréir go raibh tú le theacht,
Ó d’osclóinn an doras agus ligfinn thú fhéin isteach,
Chóireoinn do leaba ‘gus luífinn in éineacht leat,
Is bhainfinn póg mhilis taobh amuigh de do bhéilín dheas.

‘S a tháilliúir a’ mhagadh ní phósfaidh mé thú mar fhear,
Ach pósfaidh mé an fear úd a dhéanfas go hard mo theach,
‘S éireos ar maidin ‘s a chraithfeas an síol i gceart,
‘S nach suífidh cois dorais ag feadaíl ná a’ ruaigeadh cearc.

Is a tháilliúirín suarach cé phósfadh thú fhéin mar fhear,
‘S do chuid loirgní dóite ‘s tú ag imeacht ó theach go teach,
Cur síos ar do chomharsan ‘s an té úd nach dtaitneodh leat,
Mac Duach, ‘s Mac Dara is go ngreamaí do thóin don hob!

San áit a mbíonn foscadh bíonn feochadáin ann is féar,
‘S ceol binn ag na meachain a’ baint meala de bharr na gcraobh,
‘Bíonn an bradán ag preabadh ‘s an breac geal ag snámh go réidh,
Is mo ghrá-sa faoi leatrom ag fear eile le fáinne an lae.