Cé Phort Láirge – Sean Nós na mBan 2018

Cé Phort Láirge

Is buachaillín fíoróg mé ‘s go bhfóire orm rí na ngrást
Mar gur thugas searc don óigbhean i dtigh an ósta ‘s í ina cóiriúbhán
Níor chaith sí hata le mórchúis ná búclaí bhí déanta práis
Ach bhí téip i gcluais a bróigín, ‘sí mo stóirín go bhfaighidh mé bás.

‘Gus mo léan gan mise im’ éinín ‘s mé ag léimrigh ó chrann go crann
Dó shuífinn ar mo chraoibh ghlais agus léifinn mo cheacht le fonn
Do chanfainn cúpla véarsa le saorthoil dom’ chailín donn
Mar codladh ní bhfuighimse ‘dhéanamh le néalta gach oíche im’ cheann.

Do chuir mé scéalta scríofa ‘dtí an ríbhean fé chuntas crua
‘S do chuir sí chugam arís iad agus a croí istigh chomh dubh le gual
A com ba ghile bhí aici ná an síoda ‘s ná clúmh na n-éan
‘S nach trom an osna ghnímse nuair a smaoiním ar ghrá mo chléibh.

‘Sí Nell Breatnach do b’fhearr liom, sí mo ghrá í thar mhná an domhain
Agus líon aon ghloine amháin dom den árthach atá lán, le fonn
Tá aon ghiní amháin im’ láimh agam, le grá duit do raghainn á ól
Agus bíse im’ choinne amárach i dtigh an ósta má mhairfir beo.

Agus thíos ag Cé Phort Láirge tá an t-árthach ag fuireach le gaoth
A bhéarfaidh sinn thar sáile is go brách bráth ní chasfad fhéin
Beidh m’athair is mo mháithrín is mo ghrá bán ag gol im’ dhiaidh
Nach ó raghad go Baile Uí Sheáin uaibh, céad slán agaibhse a chlanna Gael.

Beir beannacht le Rí na hAoine ar an oileáinín a bhfuilim ann
Mar go mb’fhearr liom lá is oíche ann ná bliain ar an mbaile úd thall
Mar is ann do bhíodh an ríl againn ceol píob agus leann ar chlár
Is lán den chornmhaol úd a bhíodh á líonadh den branda a b’fhearr.

Is éireódsa amárach gan spleáchas le cúnamh Dé
Mar ní fhanfainn ins an áit seo go brách brách ar feadh mo shaoil
‘Sé do chomhrá faonlag do chráigh is do mharaibh mé
Is a Dhia nach olc an bás atá i ndán dom má scairim léi.