Abha an tSuláin – Corn Uí Riada 2013

Amhránaí

Téamaí

Abha an tSuláin

A shuairc fhile chneasta de ghairm na hÉigse,
D’eascair den tréanfhuil i mBanba dháil.
Ó chúinne Pharnassus cé gur dheacair í éileamh,
Gur raideadar saor duitse aiste na mBárd.
Ó thuaidh leat gan casadh tré Mhullach na Ré Chnoc
Mar ndearcair sruth caol dubh ag bun na gclochán
Is mar lua na dTrí bPearsain do tharrac chun aondacht
Nuair a thagaid le chéile sin Abha an tSuláin.

Foinse na habhann ó mheasaim nach léir duit,
Seo agat gan bhréagnadh go beachtaithe óm’ láimh,
Go scaoileann do ghlaise ó Chuma na nÉaga,
Agus tuille dá réir sin ó Chúm Uí Chluamháin.
Ó thuaidh leat gan casadh tré mhullach na Ré Chnoc
Mar ndearcair sruth caol dubh ag bun na gclochán,
Is mar lua na dTrí bPearsain á tharrac chun aondacht
Nuair a thagaid le chéile sin Abha an tSuláin.

Abha bhuí bheag an ghleanna go feargach fraochmhar,
Tagann  gan staonadh go beannaibh na trá,
Sruth Oileán a’ Mhadra is Carraig Shinéide,
‘Gus srutha ina n-éaghmais nach gcuirfinn im’ dhán,
Féach an Abha Gharbh lá clagair go sraonmhar
Mar ndearcair sruth caol dubh ag bun na gclochán,
‘S gur thíos ag Bun Leacan a chailleann sí a tréine,
Nuair a chaitheann sí géilleadh do Abha an tSuláin.

Is mín clúthmhar glasarach fairsingeach féarmhar
Na habhainn ar thaobhaibh na n-abhainn sa ráim,
Fá chrainn dhuille-ghlasa gan feacadh gan féige,
Nuair a thagaid le chéile sin Abha an tSuláin.
Bíonn faoilinn ann, seabhaic, luin, chreabhair ‘s naoscaigh.
Sionnaigh ‘s méith-phoic ‘s lachain le fáil,
‘S gach linn de go barra bíonn torrach le héiscibh,
Leathan-bhric mhéithe ‘gus lathairt bhradán.

Ar uairibh na maidne dob aiteas leat éisteacht   
Le ceathra ann ag géimridh go lachtmhar ar bhán
Uain dhubha is geala is an-chuid caoraigh
Agus capall mhear-éasca chun treabhadh nó ráis
Mórmhairt dá leagadh ann, mil bheacha ina chréithribh
Fairsinge’s féile ina n-aice gach tráth
Is níl ruathaire ón nDaingean go fearanaibh Déiseach
Ná tagann dár n-éileamh go hAbha an tSuláin.

Nuair a luaidhis linn ar mhaitheas an tearmainn naofa
Ba mhairg nár fhéachais do Chill bheag Áth Báin
Mar a ngluaiseann ina scata lucht martardha is éalaing
Dob eachtra lae uainn dá mbreacainn a gcáil
Fear mór-croise fada, fear bata, fear péire,
fear creatha, fear créime, is fear ar leath láimh
Is níor móire acht ní mheasaim gur mealladh tar éis iad
Gheibhid lagadh ar a bpéinibh ag cealla an tSuláin.

Níl bua ar a macaíbh, níl barra ar a dtréine
I meanma, i méin, i mBeartaibh is fearr,
Go suadh-ghlic, go haibidh i dtgeangain na Gaeilge,
I n-aitheascaibh saora ná faca ag a lán
Ar ruagaibh na ranna nó i gceapaireacht dréachta
Níor mheathlaigh an tréith ar an macraidh cháidh.
A’s am duaiseanna a scaipeadh ar Oireachtas Éireann
Níorbh annamh na séada so ag aicme an tSuláin.