Máire Ní Laoghaire – Corn Uí Riada 2016

Amhránaí

Téamaí

Ó is a Mháire Ní Laoghaire ó Bhéal a’ Chéime, mar a bhíonn an eilit mhaol á múscailt,
An amhla’ éagais ná hairím aonphioc de ghuth do bhéil san dúthaigh.
Nó an bhfacaís éinne ag gabháil moch nó déanach sa ghleann seo taobh le Diúchoill,
Do ‘neosfadh scéal duit ar chúrsaí an tsaoil seo go bhfuil Clanna Gael i gcúngracht.

Do chuala scéilín anois le déanaí ó fhideoig slé ‘ bhí i nDiúchoill,
Go suífeadh téarma gan mhoill in Éirinn do chuirfeadh béir ar gcúlaibh.
Go mbeadh Repealers is a bhfórsaí tréana ‘gus cúnamh Dé á stiúradh.
Agus buíon an Bhéarla gan fíon gan féasta agus caitheamh piléar dá rúscadh.

Go n-éirí an saol leis an bhfideog slé’ amuigh a thug an scéal san chugatsa;
Le grá ‘s le méin duit thar mhnáibh na hÉireann a bhláth ‘ s a chraobh na n-údar.
Ó bheadh siad faon-lag faoi spalladh gréine gan neach sa tsaol ‘na gcúram,
Go mbead á n-áireamh i bpollaibh báite, is ar faillthibh árda dá rúscadh.

Tá dream an áil seo go céasta cráite ‘gus cíos is cáin á dturnadh’
Agus búir go táchtmhar ar hallaí bána ‘s deireadh a gcairde tabhartha.
Ó beidh siad faon-lag faoi spalladh gréine gan neach sa tsaol ‘na gcúram,
A gcoin ‘s a mbeagles ‘s a gcapaill traochta gan suim i ngéim ná i liú acu.

Is a mhic a’ dea-athar, do chuala trácht ort, gur bhfada cháil id’ dhúthaigh,
Guím séan is áthas is sliocht faoi bhláth ort a chuirfidh caráiste is fonn ort;
Dá gcastaí orm tú i dtigh an tábhairne do thabharfainn cárt faoi chúr duit,
Ag crothadh láimhe is ag ól do shláinte agus puins ar chlár go flúirseach.

Ó go deimhin a stóirín, más fíor do ghlórtha gur dheinis óg arís mé,
Chun ‘tally-ho’ bheith ar mhnáibh na rógairí d’itheann feoil Dé hAoine.
Sé deir lucht eolais go mbeidh siúd brónach mar gheall ar phóit an tsaoil seo,
Ná leanann comhairle na cléire córach, is gabháil an bóthar díreach.