An Baile atá Láimh le Siúd – Amhráin is Ansa Liom

Amhránaí

Téamaí

An Baile atá Láimh le Siúd

‘S nárbh aoibhinn a bheith ag féachaint na mbánta,
‘Gus mise gach lá dá siúl.
Nó ag fiach ‘s ag aoireacht na mbán stoc,
Ar shléibhte go hard gan smál
Éanlaithe ar na craoibh ghlas ba bhreátha
lad ag seinm go hard sa dtiúin,
Ó is trua an croí bheith ag fágaint,
An baile atá láimh le siúd.

Tá an long ag taisteal ina lán tsruth,
Is an Captaen go hard ar stiúir.
Chun mise do bhreith thar sáile.
Go dtí talamh an Oileáin Úir
Faraor is dubhach an croí is tráth-lag
Bheith ag scarúint go brách lem’ rún
Mar ní feicfear ag filleadh go brách mé
Ar an mbaile atá láimh le siúd.

Faraor tinn dicéarach cráite
Bheith ag scarúint go brách lem’ rún
Ag tabhairt aghaidh ar rinn is ar fhásaigh
‘s ar mhachairí breátha romham,
Ag tréigint mo chúilfhionn pháirteach
‘s a Mhuire nach gránna an tsiúl
Mar ní thiteann ann sneachta ná báisteach.
Ar an mbaile atá láimh le siúd.

Guím beannacht gheal na ngrást libh.
A bhuachaillí an Oileáin abú!
‘S chun cúrsaí fada na trá siar,
Mar  gurbh minic mé ag snámh go súch
Nó ag fiach ar bharra Chruach Mhárthain,
Mar ba thapúla mo rás ná cú.
Ó b’fhearr liom a bheith beo bocht i mo sclábhaí
Ar an mbaile atá láimh le siúd.