Iníon an Fhaoit’ ón nGleann – Amhráin in Ansa Liom 2

Iníon an Fhaoit’ ón nGleann

Siúil, a chuid is bí ag gluaiseacht gan scíth, gan stad, gan fuarú,
Tá an oíche ghairid Shamhraidh ann is beam araon ar siúl, 
Mar a bhfaighimid radharc ar chuanta, ceol aoibhinn is bailtí móra, 
Is a Dhia nach ró-bhreá an uain í, d’iníon an Fhaoit’ ón nGleann.

Táimse lán de náire, tré gach beart dá ndearna,
Mar is buachaill óg a crádh mé is d’imigh uaim mo ghreann.
Ní beo mé mí ná ráithe muna bhfaighe mé gean is grá uait,
Agus fáilte chaoin ó d’ chairde, a iníon an Fhaoit’ ón nGleann.

Bhíos lá breá aerach im shuí ar dhroim an tslé amuigh
Sea do chuala an lon is an chéirseach ag seinmt os mo chionn
Is deas mar a scrífinn bhéarsa, níos deise ná mar a léifinn
Dán d’mholadh féinig, a iníon an Fhaoit’ ón nGleann.

Níl aon chailín spéiriúil, ná gluaisfeadh seal liom fhéinig
Tríd na gleannta méithe is ar ard na sléibhte ó thuaidh
Is dá mbeimís lena chéile, ag ól i nDúrlas Éile.
Mo láimh thar ceann mo chéad searc, is do bhréagfainn í chun suain.