Raghadsa is mo Cheaití – Amhráin in Ansa Liom

Téamaí

Raghadsa is mo Cheaití

Ó, raghadsa is mo Cheaití válcaeireacht amach ar na sléibhte ó thuaidh
Nó ar oileáinín mhara linn féinig mar a dtéann na héin chun suain,
Is ansiúd a bhíodh nead ag an bhfiach dubh, is an fiolar ag éamh cois cuain,
Agus mise dá agairt chun Dé suas, gan solas an lae a bhreith uaim.

Is a Cheaití nach náireach mar scéal é ó dh’imighse féinig uaim,
Mar gur gheallais don sagart ná déanfá mé a mhalairt go raghainn in uaigh.
D’fhágais bocht dealbh sa tsaol seo mé, is mo charaid go léir i bhfad uaim.
Is a Dhia nach dtógfá chugat féin mé, ó dh’imigh mo chéadsearc uaim.

Tá sioc agus sneachta ar na sléibhte agus mise gach lá dá siúl,
A féachaint a bhfeicfinn mo chéadsearc do bhí bachallach, péarlach, fionn.
Ba ghile ar a com í ná an Véineas is ba bhinne ar a béal í ná an liúit.
Is dá bhfaighinnse mo chumann ina haonar, do phógfainn a béal go dlúth.

Léan ar an sagart a phós mé nár fhág mise i measc na mban,
Ag rince le cailíní óga ag ithe is ag ól ina measc.
Sin é do chloígh is do bhreoigh mé, mé a phósadh chomh hóg le réic,
Is nár fhág mise ag cnuchairt na móna ná ag seoladh na mbó thar lear.

Ceannódsa veist agus bríste a mhairfidh le saol na bhfear.
Féasóg ní bhearrfaidh mé choíche cé go bhfásfaidh sí míle ar fhaid.
Scaoilfead a ’sileadh liom síos í, mar lomra ar chaora ghlas,
Is mura bhfaigheadsa bean ins an tír seo, ó rachaidh mé siar ó dheas.