An Chaora Ghlas – Corn Uí Riada 2011

An Chaora Ghlas

Ó gabhfaidh mé chun an phobail amárach,
Go bhfeice mé grá mo chroí,
‘Gus inseoidh mé i gcogar dhá mháithrín,
Gur theilg a ghrá mo chroí.
Nuair nach tusa a bhí i ndán dhom,
Is nach bhfuil tú le fáil faraor,
Ach scaoilfidh muid súgradh le fána,
Agus beannacht le greann an tsaoil.

‘S iad na réalta sa bpobal mo ghrása,
Is níl aon bhean bhreá nach í,
Le gile, le finne, le breáichte,
Go seasfadh sí i ngarda an Rí.
Tá a cuid gruaige ina cuirlíní bána,
Ag casadh ar chúl a cinn,
Go mba ghile duit cruth a dhá láimhín,
Ná an sneachta dhá chaitheamh le gaoth.

Agus déanfaidh mé cuilt de mo bhríste,
A mhairfeas le linn na bhfear,
Is an fhéasóg ní bhainfidh mé dhíom í,
Go bhfásfaidh sí míle ar fhad.
Tiocfaidh mé isteach ins an oíche,
Chomh giobach le caora ghlas,
Is mura bhfaighe mé bean ar an gcaoi sin,
Óra tréigfidh mé an saol ar fad.

Ó éirigh is cuir ort do chuid éadaigh,
Téannam liom féin chun siúil,
Anonn mar a bhfuil easpag na hÉireann,
Go gceanglaí sé mé agus tú.
Saothróidh mé arán agus tae dhuit,
Beoir mhaith na hÉireann is leann,
Is ní fheicfidh tú bliain de do laetha,
Go mbeidh  bád againn is b’fhéidir long.

Is trua gan mise i mo chéadsearc,
Ar mhullach an tsléibhe amuigh,
Gan duine ar bith beo ina ngaobhar,
Ach sneachta dhá séideadh aduaidh.
Shínfinn síos lena caolchom,
‘S ní ligfinn ina gaobhar fuacht,
Is óra bhéarfainn póg milis dhá bhéilín,
A chuireadh na céadta fear chun suain.