Brídín Bhéasaigh – Corn Uí Riada 2011 2

Brídín Bhéasaigh

Phósfainn Brídín Bhéasaigh
Gan cóta, bróig ná léine,
‘S a stór mo chroí, dhá bhféadfainn é,
Go dtroiscfinn leat naoi dtráth,
Gan bia gan deoch gan aon chuid
Ar oileán i Loch Éirne,
D’fhonn mé agus tú bheith in éindí,
Le go réiteodh muid ár gcás.

Is a ghrua ar dhath na gcaorthann,
‘S a chuaichín bharr na craobha,
Do ghealladh ná déan bréag liom
Ach éirigh leis an lá,
‘S in ainneoin dlí na cléire
Go dtógfainn thú mar chéile,
Is a Dhia nár dheas an scéala sin,
Duine ag éalú lena ghrá.

Ó gheit mo chroí naoi n-uaire
‘Gus scanraigh mé le buaireamh
An mhaidin úd a chuala mé
Nach raibh tú romham le fáil,
 ‘S a liachtaí lá faoi shuairceas
 Chaith mé ‘gus tú ar uaigneas,
Is gan neach ar bith ár gcumhdach
Ach an crúiscín ‘s é ar an gclár.

Is dhá bhfaighinn amach do thuairisc,
Dhá dtéitheá go bun na Cruaiche,
Ó rachadh an scéal ró-chrua orm
Nó leanfainn de mo ghrá,
‘S go mb’fhearr liom a bheith sínte suas leat
Gan fúinn ach fraoch nó luachair
Ná bheith ag éisteacht leis na cuacha
Is iad ag ceol gach maidin bhreá.

Sé ábhar m’osna ‘s m’éagaoin
Gach maidin cheo dhá n-éirím,
A chúl na lúb ‘s na bpéarlaí
Nach tú bhí dhomsa i ndán,
 ‘S ní iarrfainnse ort mar fhéirín
Ach mé agus tú a bheith in éindí,
In áit eicínt inár n-aonar
Le go leagfainn ort mo lámh.

Sheinnfinn ceol ar théada
Go binn le barr mo mhéire,
Thréigfinn mná na hÉireann ort
 Is leanfainn thú sa snámh
 ‘S dhá mbeinn mo rí ar na Gréigigh
Nó ‘mo phrionsa ar na céadta,
Óra bhéarfainn suas an méid sin
Do phéarla an bhrollaigh bháin.

Is dá bhfeicfeá réalt an eolais
Is í ag tíocht i mbéal an bhóthair
Ó déarfá go mo seod uait í      
A thógadh an ceo ‘gus draíocht
A grua ar dhath an rósa             
Is a súil mar dhrúcht an Fhómhair
A béilín tanaí ró dheas
Is a bráid ar dhath an aoil.

Bhí a dhá cích corra comh chruinn
Ó mhol mé iad is ní mhór dhom
Ina seasamh ag déanamh lóchrainn
‘S iad ceapthaí os comhair a croí
‘Ach tá mé i mbrón is i ndeora
Ó scior tú uaim thar teorainn
‘Gus is fada ó fuair mé comhairle
A ghiorródh ar mo shaol.

Níl le gleanntáin cnoic ná sléibhte
‘Ná baile-cuain sa méid sin
Nach dtóródh mé má féidir liom
Is nach n-éalódh mo mhian
‘S mara bhfágha mé Bríd sa méid sin
Níl agam le rá léithe
Ach beannacht, slán is céad a chur
Le bláth na sú craobh.

Tosóidh mé thíos i mBréachmhaoigh
‘Gus rachadh go Loch Éirne
Ó Shligeach go bun Céise
Ó bhéaradh mé mo scríb
Siúlfaidh mé Móin Éile
Ó Chorcaí ‘gus Binn Éadair
‘S ní sheasfaidh mé i Dún Gréine
Nó go dtéigh mé go Trá Lí.