Cuachín Ghleann Néifín – Corn Uí Riada 2014

Téamaí

Cuachín Ghleann Néifin

Tá féar fada ‘gus fásach i ngleanntáin álainn i bhfad ó bhaile,
Tá úllaí agus dealraí ag fás go hard ar bharra crann ann.
Dhá mbeinnse ‘s mo stóirín pósta ‘s an saol ag goil mar ba cheart linn,
Bheadh an t-airgead inár bpócaí ‘gus luach an óil ag bean a’ leanna.

Tá smúit ar na réaltaí ar an ngrian ‘s ar an ngealach,
‘S ar amharc mo shúl fhéin is ní léir dhom na bealaigh,
I ndiaidh Chuaichín Ghleann Neifín nár fhéad mé riamh a mhealladh,
Is a stóirín tabhair ón bpian mé mar ‘sí do mhéin bhreá atá do mo lagan.

’S dhá mba liomsa oileán Éireann trí chéile ’gus an Bhreatain,
Nó a bhfuil de ór craobhach ag Séarlas Ó Fathaigh,
Óra thabharfainn uilig an méid sin as ucht mo chéad searc a bheith agam,
I ngleanntán mhín Neifinn nó i mBéal an Áth Fhada.

‘S tá cailín óg deas ar bharr a’ tsléibhe is deas a’ féirín í le mealladh,
‘Agus chaith mé fhéin an oíche aréir léi ag súil is go bhféadfainn í thabhairt abhaile,
Is chúitíos le Seán Seoighe a’ bheith romham ar mo  bhealach,
Bhain sé coróin dhíom ar mo lóistín, is sé pingine ar mo leaba.

Agus fágfaidh mise an áit seo mar atá sí an-uaigneach,
Is rachaidh mé tóraíocht mo mhíle stóirín i ngach ceard dá bhfaigh mé tuairisc,
Ní léir dhom na cros-bhóithre is tá na deora do mo dhalladh,
Ach sé mo léan géar gan teach mo lóistín san áit a chóiríonn tú do leaba.