Eileanóir na Rún – Corn Uí Riada 2010

Eileanóir na Rún

Mo ghrá den chéadfhéachaint thú,  a Eileanóir na Rún
Is ort a bhím ag cuimhniú, tráth a mbímse ar mo shuan
Mo ghrá den tsaol ‘s mo chéadsearc ‘s tú is deise ná ban Éireann

‘S a bhruinneallín deas óg ‘s tú is deise is milse póg
Chúns a mhairfead beo beidh gean agam ort,
Mar is deas mar a sheolfainn na gamhna leat, a Eileanóir na rún.

Bhí bua aici go meallfadh sí na héanlaith ón gcrann
Is bhí bua aici go dtógfadh sí an corp fuar ón mbás
Bhí bua eile aici nach ndéarfaidh mé, sí grá mo chroí is mo chéadsearc

A bhruinneallín deas óg, ‘s tú is deise is milse póg
Chúns a mhairfead beo beidh gean agam ort
Mar is deas mar sheolfainn na gamhna leat, a Eileanóir na rún.

An dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú, a Eleanór na rún?
Nó an aithneofá an té nach gcáinfeadh thú,
Mo chuid don tsaol is a stór?

Ó, tiocfaidh mé ach ní fhanfaidh mé,
Is maith d’aithneoinn an té nach gcáineadh mé
‘S a bhruinneallín deas óg, ‘s tú is deise  milse póg

Chúns a mhairfead beo, beidh gean agam ort
Mar is deas mar sheolfainn na gamhna leat, a Eileanóir na rún.