Tá na Páipéir á Saighneáil – Corn Uí Riada 2012

Téamaí

Tá na Páipéir á Saighneáil

Tá na páipéir dhá saighneáil
Is tá na saighdiúir ag goil anonn.
Tá an drumadóirín aoibhinn aerach
Ag Clanna Gael ag goil go tír na long
Dá mbeadh agam is dhuitse a bhéarfainn
Céad is dhá mhíle bó,
’S ar a chuntar tú a bheith i d’fhéirín liom
Go Contae Mhaigh Eo.

I mo luí dom ar mo leaba
Sí m’osna a bhíonn mór.
Is ar m’éirí dhom ar maidin
‘Sí mo phaidir mo dheoir.
Tá gruaig mo chinn ag titim
‘Gus ag imeacht mar an gceo,
’S le cumha i do dhiaidh, a stóirín,
Ní bheidh mé i bhfad beo.

Is nuair a éirím amach go huaigneach
Is breathnaím uaim ar an gcnoc úd thall
Ó bím ag cuimhniú ar do chúilín dualach
A d’fhág an chrua-arraing goil trí mo lár.
Tá mo chroí istigh ina leaca gualdubh
Is fearr mo thrua níl ach Rí na nGrást,
Is cibé cailín óg a bhéarfas uaim tú
Go síntear suas í i gcónra chláir.

Tá mo stocaí uilig stróicthe
Is tá mo phócaí gan pingin.
Tá mo nua-chulaith phósta ar ndóigh gan sníomh.
Tá fiacha i dteach an óil orm
Ach níor ól mé riamh braon,
Ach is é mo lean géar, a mhíle stóirín,
Gan mé ’s tú óg seal arís.

‘S nach aoibhinn do na héiníní
A éiríonn go hard,
A bhíonns ag ceiliúradh le chéile
Ar aon chraoibhín amháin.
Ní mar sin dom fhéin
Ná do mo chéad míle grá,
Is fada fánach óna chéile
A bhíonn ár n-éirí gach lá.