Thíos ag an Tobar – Sean Nós

Téamaí

Thíos ag an Tobar

Ó ‘gus thíos ag an tobar ’sea chuir mise an fáinne amú,
Sea dhearc mé an ainnir ba dheise is ba bhreáichte snua,
Bhí a grua thrí lasadh ’s a leicne mar bhláth na n-úll,
’S má dhearc sise mise níor lig sí mo shláinte liom.

Ó is dá mbeadh fhios agam fhéin aréir go raibh tú le theacht
Óra dosclóinn an doras agus ligfinn thú fhéin isteach
Ó chóireoinn do leaba ’gus luífinn in éindigh leat,
’Gus bhainfinn póg mhilis taobh amuigh de do bhéilín deas.

Ó is a tháilliúr a’ mhagaidh nach suimiúil a d’iarr tú bean
Gan lúib gan pota a’t is gan ní ar bith a bhainfeadh do theach
Ach do shiosúr, is do mhiosúr is tú ag imeacht ó theach go teach
Cur síos ar do chomharsa ’s an dream seo nár thaitnigh leat.

Ó is an áit a mbíonn foscadh bíonn feochadán ann is féar,
’S bíonn ceol binn na mbeacha a’ baint meala de bharr an fhéir,
Bíonn an bradán ag preabadh ’s an breac geal ag snámh go réidh,
’S mo stóirín á mealladh ag fear eile le fáinne an lae.

Ó is a tháilliúr a mhagaidh ní phósfaidh mé thú mar fhear,
Ach pósfaidh mé an talmhaí a dhéanfas go domhain a theach,
A éireos ar maidin ’s a chraitheas an síol i gceart,
Is nach suífeadh cois dorais ag feadaíl ná ag ruaigeadh cearc.