Carraig Aonair – Amhráin is Ansa Liom

Téamaí

Carraig Aonair

Ó Luan dubh an áir tháinig suaimhneas ró-bhreá
Is do ghluaiseathair uaimse leath-uairín roimh lá
Ag iascaireacht i mbád, i gcontúirt bhur mbá,
‘S go mbeidh iarsma na bliana úd bhur ndiaidh go bhfaghad bás.

‘Sé Dónal mo mhaoin an té ab óige dem chlainn,
Agus coicís ón lá san a tháinig sé i dtír
Gan tapa gan bhrí, gan anam ‘na chroí
Ach a ghéaga boga geala is iad leata ar a dtoinn.

‘Sé Cormac mo stór, ‘sé rí na bhfear n-óg
A bhí mómhuil maiseach múinte géarchumtha go leor.
Do scríobh sé ar a’ gcóir leis an mbúcla ‘ bhí ina bhróig
Gurb í Carraig Aonair a chéile go deo.

Is tá duine eile dom chlainn nár thráchtas air puinn
Sé Finín mo chúngracht, ceann cothaithe an tí,
Thugadh an fia leis ón gcoill is an bradán ón linn,
Fideoga dubha an tsléibhe is gan bhréag an chearc fhraoigh.

’Sí an Nollaig seo chugainn an Nollaig gan fonn
I ndiaidh mo cheathrar bhreá brollaigh gheal tá fé shruthaibh na dtonn.
Is dá bhfaighinnse mo thriúr, ’tá go doimhin ins an úir,
Is do dhéanfainn iad a chaoineadh is a shíneadh nach dúinn.

Nuair a théimse ar an gclaí, is go bhfeicim uaim síos,
Nuair a chím Carraig Aonair ó pléascann mo chroí.
Is ar ais liom arís go mullach mo thí,
Ós gurb í Carraig Aonair is céilí dom chloí.