Abha an tSuláin – Amhráin is Ansa Liom

Abha an tSuláin

A shuairc fhile chneasta de ghairm na hÉigse,
D’eascair den tréanfhuil i mBanba dháil.
Ó chúinne Pharnassus cé gur dheacair é éileamh,
Gur raideadar saor dhuitse aiste na mBárd.
Is suairce liom geallaim ná cantaireacht téada,
Greasa dod shaothar nuair a ghlacaim im’ láimh,
Faoi thuairim do theastais, is do tharrach chun téagair,
Ar mhaithimh do ghaolta is ar Abha an tSuláin.

Foinse na habhann ó measaim nach léir duit,
Seo agat gan bhréagnadh go beachtaithe óm’ láimh,
A scaoileann do ghlaise ó Chuma na nÉag,
Agus tuille dá réir sin ó Chúm Uí Chluamháin.
Ó thuaidh leat gan casadh tré Mhullach na Ré,
Mar a ritheann sruth caol dubh go bun an chlocháin,
Is mar lua na dTrí bPearsain á dtarrac chun aondacht
Nuair a thagaid le chéile sin Abha an tSuláin.

Abha bhuí bheag an ghleanna go feargach fraochmhar,
A ritheann gan staonadh go Beannaibh na Trá,
Sruth Oileán a Mhadra is Carraig Chinnéide,
Is sruthaibh ina n-éamais ná gcuirfinn im’ dhán,
Féach an Abha Gharbh lá clagair is sraonmhar
Ná heasaibh go gléigeal gan casadh ar a sáil,
‘S gur thíos i mbun leacan a chailleann sí tréine,
Nuair a chaitheann sí géilleadh do Abha an tSuláin.

Is mín clochar glasrach fairsingeach féarmhar
Fearannaibh taobhaibh na n-abhann sa ráim,
Fá chrainn dhuille ghlasa gan feacadh gan féige,
Le meas ar a ghéagaibh go gcrapaid ‘na mbarr,
Bíonn faoilinn ann, seabhaic, mionchreabhair ‘s naoscaigh.
Sionnaigh ‘s méith-phoic ‘s lachain le fáil,
‘S gach linn de go barra bíonn torrach le héiscibh,
Leathan-bhric mhéithe ‘gus lathairt bhradán.