An Bás – Sean nós na bhFear 2015

An Bás

D’fhág mé lá an baile amach agus chuaigh mé ar oileán farraige
Tháinig mé i dteach geanúil, ba bhréag atá mé a rá
Ba socair, céillí, aigeanta an beag is an mór dhár casadh dhom
Bhí múineadh ar fhear is ar bhean acu nach bhfaca mé ar a lán.

Gach uile ní dhár thaithnigh liom, gan gáirsiúlacht, gan grabaireacht
Gan focal ar bith aranta, ach a ndéanaimís de ghreann
Dhá gcaithfinn ráithe an earraigh ann, chomhaireoinn nach mbeinn seachtain ann
Ach is ann a cóiríodh leaba dhom, ag comhrá leis an mBás.

Labhair sé liom go colgach, ach chuir mé ceist go fearúil air
D’fhiafraíos de cén t-ainm é, nó cén taobh a mb’as é?
An tú Iúpatar a bhí fadó ann, nó Heirciléas a bhí ceannasach?
Nó Neiptiún Dia na farrraige a tháinig ón muir fhéin?

An tú an Dearg Mór, nó Airicín, Mac Ancair na Long as Rath Mhullach
A shíl sin Éirinn a thabhairt leis, ó ba bhfurasta buille béim?
Nó Talc Mac Treoin a raibh air ceann cait nár stop gur dhoirt sé cuid mhór fola?
Goll Mac Mórna a chloígh é sin,  ní saor a bhí sé fhéin.

Ní mé Iúpatar a bhí fadó ann, ná Heirciléas a bhí ceannasach
Ná Neiptiún Dia na farrraige, a tháinig ón muir fhéin
Ach is mé an Bás atá faoi gheoin, is a bhí ní b’fhearr ná iad uilig
Is tá mé ag comhrá leatsa anocht, agus beidh tú agam dhom fhéin.

Nuair a labhair sé liom chomh feargach, sin láimhsigh mise m’arm air
Shíl mé a theacht chomh fada leis, ach ní bhfuair mé agam é
D’ardaigh mé mo chlaidheamh liom ina dhiaidh ar fud na ngarrantaí
Ní bréag nach láidir acmhainneach a bhí a rith agus a léim.

Éist agus lig m’anam liom, tabharfaidh mé mo gheallúint dhuit
Más fada gearr a mhairfeas mé, ní thiocfad faoi do dhéin
Dhá mbeifeá amuigh i nGlinn Chatha agam, ní bheifeá leath chomh ceannasach
Mar is ann atá mo dhream go tiubh, a sheasfadh dhom fair play.

Scanraigh beithigh agus mná an chnoic nuair a chualadar é ag gáirí gol
Ní bhfuair sé aon áit i dteach ar bith, ach d’imigh sé as a chéill
Thíos i mBearna atá sé anois, le cráiteachán i mbóthán bocht
Gan mórán fáltais ann ná deis, ach clúid acu dhóibh fhéin.

Tá fir na háite ar garda amuigh roimh an gcúpla is gráinne ar bith
Dhá bhfacas ariamh thall nó abhus, nó i gceárd ar bith faoin ngréin
Beannacht dhaoibh is gabhaigí an bheirt, agus ceanglaí’ iad de chupla cloch
Scaoilí’ siar iad leis an sruth, is ná tagadh siad go héag.