Long Mhór na mBúrcaigh – Sean Nós

Téamaí

Long Mhór na mBúrcaigh

Éistigí a dhaoine nó go n-inseoidh mé dhaoibhse
Tá mearbhall ar m’intinn nach dtuigeann a lán
Is go bhfuil sé trí mhí ó dhearc mé mo chroí
Díol marcach de mhnaoi dhá mbeadh gar agam í a fháil.

Tá a cneas mar an aol, tá a leaca geal mín
Tá a gruaig léithe síos is í fite as a barr
Mara bhfuil sé sa saol gurb agamsa a bhéas sí
Dheamhan a sínfead mo thaobh le aon bhean eile go brách.

Nach éard ‘dúirt mo stóirín dhá mblaisfinn dhá póigín
Go mba mhilse go mór mhór í ná beoir is im úr
Ach níor ghéill mé dhá glórtha ná do thada den tsórt sin
Nó go bhfaca mé na deoracha glasa óna súil.

Muise a ainnirín chumhra, chiúin, mhacánta, mhúinte
Óra, fairsing, fial, fiúntach, ciúin, aigeanta, tláith
Dhá dtéinnse ar mo ghlúine is mé ag síor-aithris mo rúin dhuit
Nó an measann tú a shiúirín an mbeadh gar dhom é a rá?

Dhá mbeadh Long Mhór na mBúrcaigh agam is í a bheith lán le scoth an phlúirín
Nach dhuitse fhéin a thabharfainn í a charaid mo chléibh
Ach mura bhfuil tú ag gabháil dhomsa mar atá ráite ag na húdair
Nár fheice do shúile na Flaithis.   Áiméan