Pluid Dhorcha Leára – Sean Nós

Téamaí

Pluid Dhorcha Leára

Nach suarach an past-time  a fuair mise, faraor
Ag cur tuairisc phluid dhorcha Leára
I leaba a bheith freastal amuigh i mo gharraí
Nó i ngreim i mo dhá mhaide rámha.
B’fhearr liomsa maraithe nó curtha beo i dtalamh
Ná a bheith beo roimh an anró atá i ndán dom.
Má tá sí sa bpobal, i nglaise nó i gclochar
Dar m’fhocail dhaoibh cuirfead ar fáil í.

D’éirigh mé ar maidin is thug mé mo mhaide liom
Shiúil mise amach chuig tigh Leára:
“Éirigh a rud salach, tabhair comhartha ceart dhom
Ar éadach leapa do pháistí!
An taobh a bhí ceart dhe bhí fionnach mór fada air
Bhí an taobh eile chomh mín leis an bpláta.
Ná déan ach gabh abhaile agus glac comhairle charad
Mar dheamhan blas a gheofar go brách dhi.”

Tá eascainí an tsagairt ag titim ar Aindí
Ó ghoid sé an phluid dhorcha ó Leára.
Dheamhan breac a mharódh sé ó Luan go Satharn
Dhá mbeadh an fharraige lán leis.
Nach éard dúirt a bhean leis:  “Tabhair chuige abhaile í
Is cá bhfios nach dtóigfeadh Dia an smál dínn?
Mar is maith atá ‘fhios ‘atsa ó aimsir an tsneachta
Gur rinne mé léine agus drár dhi!”

Chuir Henry Lochlainn litir chuig Colm
Stampa agus séala uirthi fáiscthe
Gan cónaí ná stopadh go dtéadh sí go Corcaigh
Gan aon phighinn chostais ná páighe.
Bhí sé faoi dheifir ag gabháil go ríocht eile
Níor labhair sé ach aon fhocal amháin leis:
“Gur daoine gan deifir ná imní faoi obair
A bheadh ar thuairisic phluid dhorcha Leára!”

Na mná a bhí dhá deilbh, bhí siad faoi dheifir
Níor chuir siad aon chrios ach ar cheann di
Tá bua agam uirthi, ní féidir í a lochtú
Ní luíonn an dusta ar phluid Leára.
Níl cailín óg dathúil dhá ndéanfar a cleamhnas
Nach mbeidh ar thuairisc phluid dhorcha Leára
Mar dhá bhfaigheadh sí trí oíche í le scaradh ar an leaba
Nach mbeadh mac aici i gceann na dtrí ráithe.

‘Gus mé an lá cheana ag gabháil soir thar an mbeairic
Bhí fear de na póilíos á rá liom
Nach raibh aon choirnéal i nGaillimh nach raibh an phluid dhorcha ann scartha
Bhí mac Roddy á léamh ins na páipéir
Go raibh fear ar an mbaile a raibh a bhean in aon teach leis
Níor chodail sí néal leis le ráithe
Rachainnse i mbannaí go gcaillfeadh sí a rampúch
Faoi bhinn de phluid dhorcha Leára!

Bhí mé an lá cheana is mé ag siúlóid i nGaillimh
Is mé ag fanacht go snámhfadh na báid ann.
Agus cé d’fheicfinn ag gabháil tharam taobh thall ar an mBalla
Ach seanbheainín gheanúil as Malbay.
“Muise an tusa Aindí Ó Ceallaigh, nár thriall mise i bhfad ort?
Gabh anall nó go gcraithe mé láimh leat!
Beannacht na bhFlaitheas le anam do mharbh
Is gabháil dhom “Pluid dhorcha Leára!”

“Muise, a chailín óg gheanúil, pé ar bith cé as thú
Ní maith liom thú a mhaslú sa gcás sin
Ach tá mé trom tuirseach ó d’fhága mé an baile
Ag imeacht is maide ins gach láimh liom.
Ach olann gan bealadh is deacair í a scalladh
Ní féidir í a shníomh ná í a chárdáil
Ach dhá bhfaighinnse bleaist fuisce a thóigfeadh mo mhisneach
Nach deas a déarfainn bleaist de “Phluid dhorcha Leára!”

D’éirigh mé ar maidin, bhí mé ag coimhlint thar chara
Nach bhfaca mé an feitheadach gránna.
Nach raibh rud mar a bheadh trach ann aige faoina ascaill
Bhí an phluid dhorcha síos lena shála.
Lig mé fead ar an mada go ndíbreoinn ón teach é
Ar fhaitíos go scanródh sé an páiste.
Ach cé d’fheicfinn chugam ach Aindí Ó Ceallaigh
Is ní thabharfainn deoir fhola le náire!