Idir Caiseal agus Cúige Uladh – Sean Nós na bhFear 2016

Idir Caiseal agus Cúige Uladh

Idir Caiseal agus Cúige Uladh casadh orm an chúilfhionn
‘Na suí maidin shamhraidh a’ blí a cuid bó;
Rug mé greim cúil uirthi agus leag mé ar an drúcht í
‘S d’fhág mé croí brúite aici is í ag sileadh na ndeor.

Seachtain ón lá sin casadh orm an stáidbhean
Is bhí a béilín ciúin céilí aici fá mo choinne insa ród.
Rug sí greim ina láimh orm agus chuir sí romham fáilte
Is caidé mar atá do shláinte, a ógánaigh óig?”

‘Seo litir ó m’ athair agus beannacht ó mo mháthair
Is bí ag teacht chun na háite seo feasta níos mó
Gheobhaidh tú na táinte agus ór buí ina mhámaí,
Is beidh mise ar lámh leat gach maidin is nóin.’

Im bím bó a pháiste ba doiligh domh a rá leat
Sin athrú nach ndéanfainn é ar cúig mhíle bó
Ach go bé go bhfuil mé geallta le bliain mhór is ráithe
Le iníon Mhic Dháibhí i gCo. Thír Eoghain.’

Óra imigh, agus déan sin, ní miste liom fhéin é,
Ní folamh atá Éirinn, tá fir eile le fáil;
Is feasach domh céile nach n-iarrfadh pingin spré liom,
Ach a ghlacfadh mé i mo léine cé nach folamh atáim.

A Rí mhór na páirte dá mbeadh agam páiste
Cá ngeobhadh mé athair do mo leanbh beag óg
Mise Dónall Ó Dálaigh is ná ceil ar fheara fáil mé
Is gheobhaidh tú ar an tSraith Bán mé nó i gContae Maigh Eo.

Ar an bhaile seo atá an Chúilfhionn sí Máire dheas mhúinte í
Sí an bhruinneall is uaisle dá dtáinig ó mhnáibh,
Sí mo shearc í sí mo rún í, sí m’annsacht go buan í
Sí an Samhradh is an fuacht í idir Nollaig is Cáisc.