An Juga Mór – Sean Nós

Téamaí

An Juga Mór

Tá scéilín breá nó agam le hinsint
‘S is comhair é craobhscaoileadh ins’ gach áit
Go bhfuil biotáille gach lá dul i saoire
‘Gus áthas mo chroí orm dá bharr
Dos na sárfhir do b’fhearr liom é insint
Bíonn  tál na dí ar ceann clár
Go bhfaighfí  lán-chairt ar thoirtín de
‘Gus cairde ‘s trí mhí chun recknáil.

Ó chuaigh sé i saoire chomh mór san
Ní foláir dom suí suas ar ceann cláir
‘Gus  suíocháin d’fháil ann chun fuaire
Ós go lá geal Dé Luain bead á fháil
‘Gus mo chairde bheith lámh liom fé thuairim,
‘S níorbh ghá dom bheith cur cruach ar sparán
‘S níl gnó agam bheith ag trácht ar aon bhuairthibh aon
Ach mo ghrá-sa an Juga mór ‘s é lán.

An té a chífeadh na gloiní dul timpeall
‘Sna fairirí ag suí ar ceann clár
Mo chroí-se chomh h-ard le barr an tí seo éiríonn sé suas le móráil
An t-é nár ól riamh aon scilling‘s nár dhíol as‘s é
Is minic a scaoiltear chun fáin
Fá thuairim gurbh buan fada síoraí na buachaillí a líonfadh an clár.

Ná creid-se gur gliogar mo ráite chun go neosfad daoibh fátha mo scéil
Mar is mó fear meanmach láidir do chuaigh le trí ráithe sa chré
Nár ól riamh aon scilling i dtigh an tábhairne
Ach bheith ag carnáil an sparán mór go léir
‘S mairg nár bhain an chéad lá as gan é bheith spártha ina dhiaidh

Is ró-bhreá an t-oideas dochtúra fuiscí breá cúrtha is é saor
Mar baineann sé an ceo ‘gus an smúit de
Is  déanann sé súgach gach n-aon
An tseanbhean bíonn ’s a luí in san gcúinne
Le seacht mbliana i gcúngaireacht is i bpéin
Nuair a ólann sí lán an leath-phiúnt de, is lúthar breá láidir é a léim.