Caitlín Triall – Amhráin in Ansa Liom

Téamaí

Caitlín Triall

Níl aonach ná margadh dá bhfuil ins an áit
Nach bhfeicim-se Cití is í díol a cuid snáth
Orú scairtim isteach uirthi ‘s bhuailinn an clár
Is a Chití na n-anam, fan agam go lá.

Níl bó ‘am ná gamhain ‘s níl caora bhán
Ó bhruach Loch Carbhaith go maol an tSléibh’ bháin
Nach dtabharfainn do Chití ar an aon phóg amháin
Sí a leigheasfadh an arraing teacht fríd i mo lár.

Ó gheall tusa domh-sa is gheall tú faoi dhó
Nach ndéanfá mo mhalairt anois ná go deo
Ná go bhfaca mé Cití `s fear eile ag ól
I gcúl tom dreasóg ‘s mug leanna ina dorn.

Ó dá bhfeicfeása Cití is í amuigh ar an tsliabh
Ba ghile í ná an eala dá bhfaca tú ariamh
Scaipfeadh sí an drúcht agus is ní bhrúfaigh sí an féar
Is ba ghile a dhá súil na bláth na sú craobh.

Ach ligfidh muid tharainn é ní hé sin le stuaim
Ní mian liom-sa trácht ar Chití na gcuach:
Sí planda an duine í `tá saoithfiúil suairc
A samhail ní fhaca mé theas nó ó thuaidh.

Ó buachaill beag beadaí mé, i ngrá le bliain
‘S gur bhfearr liom bean agam ná bhfaca mé riamh
Ach lig mé na buachaillí is an chuideachta uaim
Ná go raibh mé ‘na bhaile le Caitlín Triall.

Níl aon tointe ar mo bhrollach nár lig mé le gaoth
‘S má fhágaim an baile ní phillfidh mé choiche
Tá leatrom ar m’aigne is caill ar mo chiall
‘S nach trom sin ar d’anam, a Chaitlín Triall.