Mall Dubh an Ghleanna – Corn Uí Riada 2012

Mall Dubh an Ghleanna

Ó cé sin amuigh ag fuinneogaí mo thí
Ag síor-chur mo chodlata i n-iúl domh
Mise Moll dubh an ghleanna ach ligfidh mé isteach thú
Ná go ndéanfaidh muid tamall súgraidh.
‘Chroí is a chuid cad a dhéanfainn-se  dhuit
Muna gcuirfinn thú fá mo ghunna
‘S go mbeidh púdar dubh á scaoileadh linn go tiubh
Is go mb’fhéidir go ndéanfadh sé ár bplúchadh.

Tá ba agam ar sliabh is níl duine ar bith ina ndiaidh
Ach tá mé mo thraochadh leobha.
‘S dá seoladh soir is siar ins an áit a mbíonn a dtriall
Is a n-aghaidh ar an bhaile tráthnóna.
Folamh liom féin órú feasta chóich’ ní bheinn
Ach Moll dubh a bheith i dtús a hóige
Ach nuair a chíonnas an tslat
Ní bhíonn uirthi an tslacht mar a bíos ar na crannaibh óga .

Dá bhfaighinnse iníon an Impire, iníon an chaiftín loingis,
Iníon eile Rí gheal Seoirse
Bean na n-órfholt buí a chráigh go deo mo chroí,
Bean eile agus dhá mhíle bó léi.
Iníon óg an Iarla agus í a bheith go priaclach
Ag teacht do m’iarraidh le pósadh
Mná deasa an domhain ag fanacht ar mo roghann
‘S í moll dubh an ghleanna a phósfainn.

Ach siúd é mo theach ‘s gan de dhíon air ach scraith
Ina shuí amuigh ar thaobh an bhóthair.
Nach críonna an rud an bheach nuair a ní sí a nead
I dteas agus i dtús an Fhómhair.
‘S fann guth an éin a labhras leis fhéin
Ar thulaigh ná ar thaobh na mónadh
Ach sé díobháil na mban a d’fhág sinn ar lár
Agus scaoilfidh muid ár mbeannachtaí leobha.