Bean Dubh an Ghleanna – Sean nós na mban 2016

Bean Dubh an Ghleanna

Tá bó agam ar a’ sliabh, is táim le seal ‘na diaidh
Ó chailleasa mo chiall le nuachar,
Á seoladh soir is siar pé áit a ngabhann an ghrian
Ó mhaidin go mbuí an tráthnóna.
Nuair a fhéachaim féin anonn san áit ina mbíodh mo rún
‘Sea ritheann óm’ shúl sruth deora,
‘S a Rí Ghil na nDúl, go bhfóirir ar mo chúis
Mar ‘sí an bhean dubh ón ngleann do bhreoigh mé.

Bean dubh a’ ghleanna, an bhean dubh ab’fhearra;
Bhean dubh ba dheise gáire.
A grua mar an sneachta ‘s a píb mar an eala
‘S a com seang, singil, álainn.
Níl ógánach cailce ó Bhleá Cliath go dtí an Ghaillimh;
Ná as siúd go Tuaim Uí Mheára;
Ná fuil ag triall is ag tarraingt ar eachaibh donnaibh deasa;
Ag tnúth leis an mbean dubh álainn.

Dá gheobhainnse bean sa Mhumhain, triúr ban i Laighin,
Bean ón Rí geal Seoirse.
Bean na lúbaí buí do ghrádh mé ó chroí,
Bean ‘gus dhá mhíle bó léi.
Iníon óg an Iarla atá go tinn, dubhach, diacrach
Ná d’iarraidh mé ‘fháil le pósadh.
Is dá bhfaighinnse féin mo rogha de mhnáibh dubh deasa an domhain;
‘Sí an bhean dubh ón ngleann do b’fhearr liom.

An té a chífeadh mo theach ‘s gan de dhian air ach scraith
‘S é buailte ar leataobh a’ bhóthair
Mar a ghabhann ann an bheach
Is deineann ann a nead le grian agus teas an tSamhraidh.
Nuair a aosaíonn suas an tslat ní fhanann air aon mheas
Ach ag tnúth leis an mbrainse a pógadh,
‘S mo chailín plúrach deas
Gur éalaigh uaim le spreas mo chúig céad míle slán beo léi.