Bríde Ní Scannláin – Sean Nós na mBan 2014

Bríde Ní Scannláin

Do casadh mé síos go dtí an Town Hall
Ag amharc im’ thimpeall le ceann ard,
Mar bhí fógraí breacaithe ar gach falla ‘gus claí ann
Go mbeadh pictiúirí istoíche le taispeáint.
Do bhreathnaíos go cruinn ar an ofráil
Ar chairt a bhí líonta de dhriongáin
Isteach tríd an halla bhí sreanga acu fite
‘S gach éinne ar a dhícheall a’ stuáil.

Is in aice sa díog do bhí gluaisteán
Is sean-bhean chríonna ann is í fuar ghearán,
Dúirt go raibh leata ‘s ná mairfeadh go h-oíche
‘S le creathaibh ag a cír do bhí díoscán.
Do mheallas isteach í ar an ardán,
Is d’adaíos di gríosach mhór chadhráin,
‘S nuair a neartaigh an lasair do dhearg sí a píopa
‘S gan tathant do scaoil sí chugham amhrán.

Ansan d’éirigh ‘na suí chugam le móráil
‘S d’fhiafraigh a’ rinncfinn léi saghas waltz,
Dúirtsa gur bhfada nár chleachtas an ní sin
Mar gur dathacha a chlaoigh mé im’ liúngán.
‘S cé sciuirdfeadh aníos chugainn ach Ceocháin
Do labhair sé go fíochmhar de ghlór ard
D’fhiosraigh a hainm ‘s é a bagairt na dlí uirthi
Go gcaithfeadh sí díol as na cadhráin.

Agus dúirt sí:
Is ainm dom Bríde Ní Scannláin
Níl eagla na dlí orm ón Saorstát
Mar sé an duine seo im’ aice
A d’fhadaigh an ghríosach,
Ní mise a bheidh thíos leis a’ ndóiteán.
Ní gá dhuit an maíomh as do chadhráin,
Seana spairt aoiligh is móin bhán.

Dúirt sé:
Ní fíor san, a chailligh, ach smiorcalach chiardhubh,
A cheannaíos ó Sheán Mhaidhc Uí Chríodáin.

Ansan tharraing sí aníos chuici faid- sparán
As spaga a bhí thíos lena cliathán.
Ach do luíos uirthi a’ bagairt ‘s a déanamh comharthaí uirthi,
Nó gur chas sí arís ar an sreangán.
Is seo mar a chríochnaigh an deighleáil
Do gheallas dó mála mór chadhrán,
Is thug Bríde a banna dá bhfillfeadh sí choíche
Go ndéanfadh leorghníomh as an díobháil.