Mo Lacha Bhacach – Sean Nós na mBan 2017

Mo Lacha Bhacach

A chréatúirín leóinte is brón liom do dhreach
Im’ choinnibh sa phóirse is tú breoite tinn salach
Do sciatháin ba ró-dheas ar sileadh sa lóib leat
`S do lapa beag gleoite dár ndóigh na dhá leath.

An t-asal is dócha a thug tú le speach.
Is greadadh go deo air ba mhór é a theaspach
Cuirfead bata fuinseoige ag rince sa tóin air
Is ceangal naoi ló air cois teorainn na staic.

Dideli de dom dó de dee am de dom dom
Dideli de dom dó de dee am de dom dom
Cuirfead bata fuinseoige ag rince sa tóin air
Is ceangal naoi ló air cois teorainn na staic.

Tar liomsa im’ dhóid chun go dtomhaisfead do chneá
Is ná bí chomh glórach ní ceol do bhac bhac
Idir bhriseadh `gus leonadh tá ainnise mhór ort
Is is céasadh san domhsa mo lacha bhacach.

Dideli de dom dó de dee am de dom dom
Dideli de dom dó de dee am de dom dom
Idir bhriseadh `gus leonadh tá ainnise mhór ort
Is is céasadh san domhsa mo lacha bhacach.

Cad a dhéanfad amáireach is cás liom a mheas
Gan an t-ubh gorm bhreá mar ba ghnáth chun bricfeast
Is easnamh dom shláinte an bascadh-sa tá ort
Ach foighne ‘sé is fearr air mo lacha bhacach.

Tar liomsa láithreach thar tairsigh isteach
Is fan ann go soláthraid duit cláirín is ceirt
Déanfaidh cliath daingean d’fháisceadh ar bhriseadh do chnáimhín
Is snaimhigh naoi lá é is beir sásta go maith.

Dideli de dom dó de dee am de dom dom
Dideli de dom dó de dee am de dom dom
Déanfaidh cliath dhaingean d’fháisceadh ar bhriseadh do chnáimhín
Is snaimhigh naoi lá é is beir sásta go maith.

Stopadh lochán duit go snámhfir amach
‘Sé an t’iochluibh is fearr é do lacha bhacach
Beirse i gcionn spáis bhig a’crothadh sciatháin ann
Tosach an Mhárta ag ardú bhac bhac.