Úna Dheas Ní Nia

Úna Dheas Ní Nia

Is dhá mbeinn mar a bhí mé lá eicínt, gan aois ná pianta cnámha
Ní choinneodh feara Fáil mé as an áit ina mbeadh mo mhian
Bheinn go síoraí ag dearcadh dealramh is gile, deise breáthacht
Leis an méid a dtug mé grá dhi, rinne áras i mo chroí.

‘S cén t-ionadh na fir óga a bheith ag caint ar bhean i gcónaí
Nó a bheith ag súil le blas a póigín – ‘sí an ógh í a bheannaigh Críost –
Ach i do dhiaidh ní bheidh mé beo mí, leis an méid a dtug mé grá dhuit
‘Sé an feall gan mé is tú pósta, a Úna dheas Ní Nia.

An té a d’fheicfeadh í Dé Domhnaigh, is í gléasta suas go cóiriúil,
Ba gheall leis an réalt eolais í goil romham amach sa tslí.
Is ní baol seachmall ná ceo ar bith choíchin ná go deo dhi,
‘S an ghrian níor scairt sí fós orm chomh mómhar le mo mhian.

‘S tá a cúilín trilseach fáinneach is é fite i ngar dá cluasa.
A dá grua mar an rósa is an lile ag briseadh thríd,
Is ní fada ó gheobhadh na sluaite bás i ndiaidh mo stuaire,
Mar áit ar cheap Dia lóistín dhi i dteorainn Inis Nia.

Is dhá mbeadh sí suas in éifeacht in inmhe bheith ina céile
An t-am úd a raibh na Gréigigh ag goil chun troda leis an Traoi,
Bheadh Héilean gan aon éileamh is ní bhuailfí buille ar aon taobh,
Is bheadh Páras ina cheann réitigh ag Úna dheas Ní Nia.

Is dhá mba liomsa a bhfuil i bPáras faoi chumhachtaí Bhonaparte
Saibhreas Rí na Spáinne agus é ar fáil le roinnt.
Níl pingin dhá mbeadh ar m’fháltas, nach dtabharfainn é ina láimh dhi
Ar shúil gur mise an páirtí a bheadh le Úna dheas Ní Nia.