An Buachaillín Múinte – Sean Nós na mBan 2015

Téamaí

An Buachaillín Múinte

‘S a bhuachaillín mhúinte, céad faraor cráite
Go dtug mé grá dhuit i dtús mo shaoil,
‘S shiúlfainn Éirinn ‘gus thart Chruach Phádraig
Is do ghrá ní thabharfainn d’aon fhear beo sa saol.

Bhí a dhá shúilín thaitneamhach is a bhéal ag gáire
‘Gus dath an óir bhuí ar ghruaig a chinn,
‘S a ghrua ba deirge ná an rós sa Márta
‘Gus a mhíle grá bán is tú a bhris mo chroí.

Ó beirim mo mhallacht don arm Gallda
Mar bhain mo ghrá díom i dtús mo shaoil,
Is a liachtaí lá breá ‘gus oíche fhada airneáin
A chaith mé i ngrá leat ar an mBóthar Buí.

Is dá dtiocfadh sé sa saol go mbeinn leat pósta
‘S mura mairfinn beo leat ach aon bhliain amháin,
Bheinn i gcónaí ag smaoiniú ar do bhrollach síodúil,
‘S mo chroí dhá insint nach bhfuil maith dhom ann.

Is nach truaigh mo scéal-sa a bheith ag gol in do dhiaidh sa
‘S mo chroí dhá réabadh ina cheart láir
Tá deireadh mo chainte le do bhéilín ráite
Is a Rí na nGrásta, nár mhór an feall.

Is nach truaigh nach bhféadfainn do chás a réiteach
‘Gus brat trom céadach a bhaint de mo chroí
Ach i silt na ndeora os cionn do chónra
Céad faraor dóite is tú go domhain i gcill.