A Sheáin a Mhic Mo Chomharsan – Sean Nós na mBan 2018

A Sheáin, a Mhic mo Chomharsan

Is a Sheáin, a mhic mo chomharsan,
Má tá tú goil a’ pósadh,
Is an é nár dhúirt mé fós leat, ná fág amach Tír an Fhia.
Tá airgead agus ór ann,
Tá cailíní go leor ann,
Agus b’iondúil cailín cóir deas nach ndéanfadh troid ná bruíon.

Is fear a bhíos ró-náireach
Lena thíocht i láthair,
Ní thigeann leis an báire, is ní éireoidh leis an chraobh.
Is nuair nach bhfuil tú sásta
Gan cúram bean ná páiste,
Ó éilimh roimh an gCáisc í, is ní bheidh tú i bhfad gan í.

Óra seas, is bí ar do gharda
‘Simir deas do chártaí,
Is mara gcastaí ort ach gasra de chailíní ‘na suí
Bheadh a’ déanamh grinn is speáráil,
Agus brú isteach sa gcarnán;
Ó is gearr go mbeidh tú ag áirneán, ‘s rachaidh mise faoi.

Ó beidh do bheithigh seolta
I bpáirceannaí do ghabháltais,
Agus d’fhéadfá bheith ag ól seal ó d’éirigh an coirce saor.
Beidh an fuisce, bruth is róstaí
Ar do bhainis fós a’inn,
Agus tréatanna i dtithe ósta
agus oíche mhaith don tír.

Ach anois tá tú in imní
Gan bhean a bheith ar do choimrí
‘S ní bhfaighidh tá an saol níos suaimhní ach chúns bhéas tú gann
Ach santaigh an bhean ar fónamh
A bhéas suáilceach i gcónaí,
Agus ríméadach tráthnóna ‘gus an t-ádh ort lena linn.

Is má phósann tú an bháirseach
Beidh aiféala go brách ort
Óra díbreoidh sí do chairde is briseadh sí do chroí.
Ach coinnigh suas na drawers ort
Is ná tabhairt an péire is fearr dhi
Nó béarfaidh an saol gearr ort is rachaidh mise faoi.