Cúirt Bhaile Nua – Sean Nós na mBan 2017

Cúirt Bhaile Nua

Lá breá dhár éiríos ar maidin
‘S ag triall dhom ar Chúirt Bhaile Nua
Cé a d’fheicfinn ach Neilí ag goil tharam
Is ba ródheas a leagan ‘s a snua;
‘S bhí a grua bán níos gile ná ‘n eala
‘S ná sneachta mín éadrom an lae,
‘S a stóirín, nach trua leat mo chás-sa
Mar is lag lúbach a d’fhága tú mé.

‘S tá teachín deas gleoite sa ngleann a’m
Agus bím ann go huaigneach liom fhéin,
Is dhá dtiocfadh mo Neilí ar cuairt a’m,
Thabharfainn póigín deas milis dá béal;
‘S nach iomaí cailín deas a chroithfeadh láimh liom
Is a thiocfadh ar cuairt a’m le mí,
‘S dhá bhfaighinnse ór buí ‘gus diamonds.
Sí Neilí atá i gceartláir mo chroí.

Is cén t-iontas dhá lasfadh an talamh
Is cén t-iontas dhá mbrisfeadh mo chroí.
Is cén t-iontas mo shúile a bheith leata
Is a liachtaí deoir a shil siad le mí.
Is tá mise tinn brónach le fada
Is deir mo mhuintir gur athraigh mo shnua,
Ag dearcadh go géar ar an gcailín
Atá ina cónaí i gCúirt Bhaile Nua.

Ach brón ar an té nach mbíonn críonna
Is nach ndéanadh gach ní mar ba cóir,
Ach is mise mé fhéin a bhí ciontach
Nach ndeachaigh in am faoina comhair.
Ó, thabharfainnse cliú agus cáil dhi
Ach níl goir agam labhairt léi níos mó.
Is go siúlfainn seacht ríochta na hÉireann
Leis an bpéarla ‘tá i gCúirt Bhaile Nua.