An Spailpín Fánach – Sean Nós na bhFear 2017

Amhránaí

An Spailpín Fánach

Go deo deo arís ní raghad go Caiseal
Ag díol ná ag reic mo shláinte
Ná ar mhargadh na saoire im shuí cois balla
Im scaoinse ar leataoibh sráide
Bodairí na tíre ag teacht ar a gcapaill
Dá fhiafraí an bhfuilim hírálta
“Ó téanam chun siúil tá an cúrsa fada”
Seo ar siúl an Spailpín Fánach.

I m’ Spailpín Fánach a fágadh mise
Ag seasadh ar mo shláinte
Ag siúl na drúchta moch ar maidin
‘S ag bailiú galair ráithe
Ní fheicfear corrán im’ láimh chun bainte
Súiste ná feac beag ráinne
Ach bratacha na bhFranncach os cionn mo leapan
Is píce agam chun sáite.

Mo chúig céad slán chun dúiche m’athair
‘Gus chun an oileáin ghrámhair
Is chun buachaill na Cúlach ós díobh nár mhiste
In aimsir chasta an ghárda
Ach anois ó tháimse im’ chadhan bocht dhealbh
I measc na ndúichí fáin seo
‘Sé mo chumha croí mar fuair mé an ghairm
Bheith riamh im’ Spailpín Fánach.

Is ró-bhreá is cuimhin liom mo dhaoine bheith sealad
Thiar ag droichead Gháile
Fé bhuaí, fé chaoraí, fé laoi bheaga geala
Agus capaill ann le h-áireamh
Acht b’é toil Chríost é gur cuireadh sinn asta
‘S go ndeaghamhar i leath ár sláinte
‘S gurbh é bhris mo chroí i ngach tír dá rachainn
“Call here, you Spailpín Fánach”