Bóthar Chluain Meala – Sean Nós na bhFear 2014

Amhránaí

Bóthar Chluain Meala

Ar mo ghabháil go B’leá Cliath dhom
Go dian-mhoch ar maidin
Do casadh cailín óg orm
A raibh scáil an rósaí ‘na leacain,
D’fhiosraigh díom an óigbhean
“Cá gcónaíonn tú a mharcaigh?”
“Cónaím i dtigh lóistín
Ar bhóthar Chluain Meala”

“Is aithris scéal nua dhúinn
Ó’r tú is déanaí dh’fhág an baile
An maireann do chéile
Nó an raibh sí ariamh agat.
“Tá sí go tinn tréith lag
Mo chiap, ar an leaba,
Is dochtúirí ní bhfaighinnse
A leigheasódh a galar.”

“Éist, éist a óigfhir
Cá bhfios ná ‘fuil marbh
Is go ngabhaimís le chéile
Go deo deo fad a mhairfeam”
“Gheobhaidh tú airgead id’ phócaí
Is ór buí le scaipeadh,
Is mé féinig mar nuachar
Ag cóiriú do leapan.”

Ní thiocfadsa, is tú a phósadh
Is mo rian stóir a sheachaint
Is mo leanaí beaga óga
A bheith gan máthair, gan athair
Mar thá cúram orm iad a thógaint
Iad a ní is iad a ghlanadh
Agus grá ní thabharfainn d’aon bhean eile
Ach do mháthair mo leanbh.

“Do thugas grá mór duit
Ar do ghrua ‘s ar do leacain
‘S ar do chomhrá binn béasach
Athá tar éis mo chroí a chaitheamh
Mara dtigir ‘s mé a phósadh
Le comhairle na sagart
Uachtaím dom cháirdibh
Go bhfágfad tú marbh”

“Mo shlán beo-sa siar chugat
A ghrian-bhruinneall álainn
Is a chailín chiúin chiallmhar
Ó bhruacha na Siúire,
Go mbíodh na fir óga
A’ teacht iarradh le grá dhuit
Is go mb’fhiú thú mac Iarla
Dá thriall chugat thar sáile”

“Tá mo leanaí ag béice
Is ag síor-ghol ó éagas
Tá a gcuacha gan cíoradh
Ná suim ‘chuir ‘na mbéile,
Tá siad ag rince
Le baois na díchéille
Agus mise a’ siúl coillte
‘S nach bhfaighinn dul dá bhféachaint”.