Na Tincéirí – Sean Nós na bhFear 2018

Amhránaí

Na Tincéirí

Tráthnóna breá ciúin is an ghrian le linn luí,
Agus mé cois na tine fé shuaimhneas im shuí,
Tháinig bean bhocht go dtí an doras ag lorg lóistín
Is í ag féachaint róthuirseach den bhóthar.
Bhí a slipéirí briste gan ranna gan bonn,
Agus seanbhrat giobalach casta ar a ceann,
Ní raibh cosaint ón bhfuacht uirthi dá mbeadh sé ann,
Agus thugas cead luí sa scioból di.

Do ghaibh sí liom buíochas is dúras léi suí,
Go nglaofainn ar Nóra is go bhfaigheadh sí greim bídh;
Ach dúirt sí nár bheag léi uaimse lóistín,
Is go gcasfadh sí arís tar éis suipéir di.
Níorbh fhada gur rugadh go dian ar mo láimh,
Cé bheadh ann ach Nóra is í ag liúirigh go hard:
‘Ó, éirigh id sheasamh, a Sheamais, a ghrá,
Tá an macha amuigh lán de thincéirí.’

Do phreabas im’ sheasamh gan gíog as mo bhéal,
Síos chun an dorais a chuas de ghlanléim;
Cé gur theagmhaíos le bacaigh go fairsing im shaol,
Thug na ridirí stáin úd an chraobh leo.
Bhí tincéirí buí ann ‘gus tincéirí rua,
Tincéirí groí ann is tincéirí dubha;
Is an bhean úd a tharraing óm chroí bochtsa trua,
Mar ghiolla ag scuaine tincéirí.

Bhí asail an dúiche ann is stán don chontae,
Ceaintíní, cairteanna, is córacha tae;
Is stampa com cosach a shrón mar chairéad,
Ag tabhairt ordaithe láidre ina dtaobh uaidh.
Dúras leis stad dá chuid bóiceáil gan mhoill,
Is an aicme úd a tharraing amach as mo radharc:
‘Ó, scrios,’ arsa mise, ‘chomh mear is tá id bhoinn,
Mar ní háras é seo do thincéirí.’

‘Bí ciúin, ‘amadáin,’ arsa an stamaire cam,
‘Ar dhaoine ded shórtsa is beag é ár mbeann;
Níl aon rud i gcóir dhúinn anois, chuirfinn geall,
Cé gur chuireamar cuntas roimh ré chughat.
Níl sásamh is níl spleáchas le fáilt agat uainn,
Ní ghuífear dod mhairbh is ní dhéanfar do thrua,
Ach tú a ghreadadh sa smúsach mara n-imír go luath,
Is sin léite duit dlí na dtincéirí.’

Bhuel le bun bata rámhainne bhí caite le m’ais
Do’aimsíos mo bhuachaill ar dheiseacht sa chlab;
Is fé bhfuair sé na lapaí a chruinniú ina gceart
Do shínigh-sa macha go maol é.
Ó a mhic ó a chroí, is ansan do bhí an gleo!
Bhí an cogadh ar lasadh is an t-arm i gcóir,
Is an tlú ag Nóra i m’fhochair sa spóirt
Agus goic uirthi ag lascadh tincéirí.

Bhí piontaí á lúbadh ag Nóra, gan trua,
Is mise ag síorchnapadh ag cur bacach chun suain;
Bhí giolla an chaincín agus tochas ‘na bhuaic,
Ag faire ar an léirloitiméireacht.
Ach nuair a chonaic sé mo bhatasa ag triall ar a bhlaosc,
Thug sé ordú reatha don scata go léir,
Is d’fhan mise’s Nóra dá bplabadh le faobhar,
Gur fhiachamar uainn na tincéirí.