Caisleán Uí Néill – Corn Uí Riada 2009

Caisleán Uí Néill

Níl cnocán dhá aeraí mo léan géar nach n-aithneoinn mo ghrá
Is níl maighdean chiúin chéillí sé mo léan géar nach dtéann uirthi cluain
Níl a leithéid beo in Éirinn de mo ghaolta thiocfadh chugamsa ar cuairt
Is tá mo stóirín do mo shéanadh le céile eile ‘gus a Mhuire nach trua.

‘S tá an gairdín seo ina fhásach, a mhíle grá bán, nár miste leat é
Is níl aon bhainseóigín amháin ann nach bhfásann air bláth na sú craobh
Níor chualas ceol cláirsí ‘dul an tsráid seo ná ceiliúr na n-éan 
Ní ba bhinne ná mo ghrá bán cúilín álainn as Caisleán Uí Néill.

‘S nach i gCaisleán Uí Néill ‘tá an té údan ‘bhain dhíomsa mo shnú
Is le binneacht a béilín sea chuir sí éanlaith na coille chun suain
Is a bhfuil a bhéarfainn  dá béal breá is dhá leagan a súl 
Ach fíoruisce an tsléibhe agus é a bheith ag éalú ar maidin sa drúcht.

Is a mhuirnín ‘gus a sheainsín i dtús an tsamhraidh seo dtiocfá-sa ar cuairt
Amach faoi na sléibhte insan áit úd nach labhraíonn an chuach
Ó caoirigh ná gamhna is ní shantóinn-se leat iad mar spré
Ach mo láimh a bheith faoi do cheann a’am
‘s mé a bheith caint leat go dtí uair a dó dhéag.

Ach fan go Féile Bríde is d’oir m’fhírinne ‘gus gheobhaidh tú duais
Beidh ba againn is caoirigh ‘gus diamhais faoi bhán an chnoic rua
Déanfaidh muid diamhais ‘gus baileoidh muid eallach beag suas
Is beidh cead codladh agamsa go suaimhneach sa oíche le Molly gan gruaim.

‘S céad slán don oíche aréir, ‘sé mo léan gan í anocht ina tús
Leis an bpósae deas glégeal a bhréagfainnse seal ar mo ghlúin
Mar chuir tú ormsa éileamh, a mhíle céad grá nach leatsa mo rún,
Ach céad faraor géar, tá na sléibhte goil idir mé ‘gus tú.