Bean a’ Leanna – Amhráin is Ansa Liom

Bean a’ Leanna

Ó ‘gus éirigh i do shuí a bhean a’ leanna 
Is ná fan le do chaipín a ghléas’ 
Nó go dtuga tú dhúinn braon uisce beatha 
Nó cárt de do chuid leanna fhéin 
Ó ‘s beidh muid ag ól go maidin 
Seo sláinte na bhfear uilig go léir 
’S nuair a fhágas an mháistreás an baile 
Beidh an cailín is deise agam fhéin.

Ó is a Dhia céard a dhéanfas mé amáireach 
Nuair a fheicfeas mé mo ghrá a’ dul aniar, 
’S gan goir’ agam a theacht ina láthair 
Leis an méid a bhí eadrainn ariamh, 
Nuair a smaoiním ar a súgradh agus ar a gáire, ’ 
Is ar a dhá láimhín gheala a bhí fial, 
Nach dtiteann mo chroí istigh i ndólás, 
Agus goileann mé mórán ina diaidh.

Shiúil mise bograigh agus gleannta 
Agus cnoic a bhí géar as a mbarr 
Is a lán bealaí eile nach ndéarfainn, 
’S gan únsa ar bith céille i mo cheann 
Ar thuairisc mo stáidbheainín bhéasaigh 
Nach sínfeadh mo thaobh léi go brách. 
Is go m’ba chóir dhi bheith ’na codladh taobh thuas díom 
Ná a bheith i gCorcaigh dhá uair roimh a’ lá.