Bean an Fhir Rua – Amhráin is Ansa Liom

Téamaí

Bean an Fhir Rua

Is a bhruinnill gan smál a bhfuil an dealramh deas in do ghrua, 
Sé an buachaillín bán a b’fhearr liom seal leat dá lua. 
‘S ní cheillfidh mé ar chách fios m’ábhar is go bhfuil mé faoi ghruaim, 
Nach d’aitneadh feara fáil, sí mo ghrá geal bean an fhir rua.

Nuair a théimse thart síos bím i bpríosún ceangailte crua
Boltaí ar mo chaoil ‘gus na mílte glais as sin suas
Thabharfainnse an sítheadh mar a thabharfadh an eala thar cuan, 
Nó go sínfinnse mo thaobh seal síos le bean an fhir rua.

Is tabhair litir uaim scríofa ó síos go dtí an baile thar cuan 
Chuig an gcailín beag caoin a bhfuil an chaortha thrí lasadh ‘na grua, 
‘S go scriosfadh sí an Traoi ‘s tá na mílte fear léi dhá lua, 
Ach glac misneach a Bhríd ‘s ní baolach feasta an fear rua.

Is nár théigh mé den tsaol seo óchoíche is nár chaillidh mé an greann
Nó go mbeidh mé is mo mhian seal sínte faoi bharraí na gcrann 
Is gan éinneach beo a bheith inár ngaobhar ach coiligh fraoigh is duilliúr na gcraobh 
Is an fear rua a bheith sínte i gCill Bhríde agus leac ar a cheann.

Tá crann ins an ngáirdín ar a bhfásann ar duilliúr ‘s bláth buí, 
‘S nuair a leagann mé mo láimh air nach láidir nach bpléascann mo chroí. 
‘Sé a n-iarrfainnse de spás ar an Ard-Rí ón bhFlaitheas anuas, 
Ach aon phóigín amháin ‘gus é a fháil ó bhean an fhir rua.