Contae Mhaigh Eo – Amhráin in Ansa Liom

Téamaí

Contae Mhaigh Eo

Ar an loing seo, a Pheaid Uí Loinsigh sea a bhímse ag déanamh bróin
Ag osnaíl ins an oíche ‘gus ag síor ghol sa ló,
Ach anois ó dalladh m’intinn, is mé i bhfad ó mo mhuintir,
D’ar m’ fhocal is maith a chaoininse Contae Mhaigh Eo.

Liostáil mé le sergeant ag goil sráid an bhaile mhóir,
Mar a cheap mé go mba breá an rud dhom é nuair a bhí mé bocht óg;
Ó thug sé gloine ‘is cárta dhom agus claimhe le mé ghardáil
Is dúirt sé go mb’fhearr dom é ná in Éirinn go fóill.

Is go dtaga Cnoc na Cruaiche ar cuairt go hAbhainn Mhór,
Go dtaga an toimín luachrainn go buachailleacht na mbó;
Go n-osclaíthear na comharthaí atá ar mhullach Bheanna Beola
Ach ní scarfaidh mo chumha go deo leat a Chontae Mhaigh Eo.

Anois a chomrádaí na dílse, táim cloíte go mór,
Is dá bhféadfainn is dhuit a d’inseoinn dhá thrian de mo bhrón;
Ach ós tusa is túisce a chífeas, a maireann go mo mhuintir,
Ó, tabhair mo bheannacht siar leat go Contae Mhaigh Eo.