Amhrán Rinn Mhaoile – Amhráin in Ansa Liom

Amhránaí

Amhrán Rinn Mhaoile

Scríobhfainn agus léifinn leabhar Gaeilge cé gur milis a blas
Agus dhéanfainn céachta Gaelach a réabfadh an iomaire ghlas
Ó dhéanfainn teach téagair do mo chéad searc ‘s bhréagfainn í seal 
Ó ‘gus fear eile ar mo thréartha níorbh fhéidir nó d’éalódh leis an mbean.

‘Gus tá mé i mo shuí ó ghlaoigh an coileach aréir
Cur na tine seo síos do mo mhian is dá fadú liom fhéin.
A Mhuire ‘gus a Chríost nach cloíte le n-aithris mo scéal
Na coiligh bheith ag glaoch ‘s Rinn Mhaoile na gcodladh ach mé fhéin.

Is nár fháigh mé bás choíchín nó go gcaithfidh mé dhíom an mí-ádh
Go mbeidh bó agam ‘s caoirigh ‘s mo mhian ar an mbaile údan thall
Tá bean óg ins an tír seo tá ag cur eadrainn gach aon dara lá
Ach nár fháigh sí bás choíchín go mbeidh sí ag caoineadh ‘s mise ag mo ghrá

‘Gus a bhuachaillín bháin ní ábhar mór magadh dhuit mé
Níl agat le rá liom ach amháin go bhfuil mé gan spré
Ach tá mise lán tsásta má bhíonn tú lách soineanta réidh
Gus d’ólfainn deoch as muga bán leat, tá grá a’am do lorg do bhéil.