An Lacha Bacach – Sean Nós na bhFear 2016

Amhránaí

A chréatúirín leóinte is brón liom do chreach
Im’ choinnibh sa phóirse is tú breoite tinn salach
Do sciatháin ba ró-dheas ag sileadh sa lóib leat
‘S do lapa beag gleoite dár ‘s dar ndóigh ina dhá leath.

Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Do sciatháin ba ró-dheas ag sileadh sa lóib leat
‘S do lapa beag gleoite dár ndóigh na dhá leath.

An t-asal is dócha a thug tú le speach.
Is greadadh go deo air ba mór é theaspach
Cuirfead bata fuinseoige ag rince sa tóin air
‘S ceangal naoi lá air cois teorainn na staic.

Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Chuirfinn bata fuinseoige ag rince sa tóin air
‘S ceangal naoi lá air cois teorainn na staic.

Ó tar liomsa láithreach thar tairsigh isteach
Is fan go soláthród duit cláirín is cáirt
Déan cliath dhaingean d’fháisceadh ar bhriseadh do chnáimhín
Is snaidhmigh naoi lá air is beir sásta go maith.

Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Déan cliath dhaingean d’fháisceadh ar bhriseadh do chnáimhín
Is snaidhmigh naoi lá air is beir sásta go maith.

Idir bhriseadh ‘gus leonadh tá ainnise mhór ort
Is is céasadh san domhsa mo lacha bacach.
Ó tar anseo im’ dhóid chun go dtomhaisfinn do chneá
Is ná bí chomh glórach ní ceol do bhac bhac

Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Idir bhriseadh ‘gus leonadh tá ainnise mhór ort
Is is céasadh san domhsa mo lacha bhacach.

Cad a dhéanfad amáireach is cás liom é mheas
Gan an t-ubh gorm bhreá mar ba ghnáth chun bricfeast
Is easnamh dom shláinte chun bascadh seo tá ort
Ach foighne ‘sé is fearr air mo lacha bacach.

Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Is easnamh dom shláinte chun bascadh seo tá ort
Ach foighne ‘sé is fearr air mo lacha bacach.

Ó stopfad lochán duit go snámhfir amach
‘Sé an t’iochluibh is fearr é do lacha bhacach
Ó beirse i gcionn spáis bhig a’crothadh sciatháin ann
Is roimh tosach an Mhárta ag ardú bhac bhac.

Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Ó beirse i gcionn spáis bhig a’crothadh sciatháin ann
Is roimh tosach an Mhárta ag ardú bhac bhac.