Máistir Scoile – Amhráin is Ansa Liom

Amhránaí

Téamaí

Máistir Scoile

Máistir scoile mé an taobh seo ‘den tslí
Ach deir siad gur doiligh bheith mór le mnaoi
Char labhair mé focal ‘s char shín mé mo láimh
‘S char thréig mé mo leabaidh ach oíche amháin.

Is grá folaigh cha dtug mé don aon mhnaoi riamh
‘S dá dtabharfainn go meallfainn a croí ina cliabh
I maoin eallaigh char chuir mé mo spéis le bliain
‘S mná deasa go dtabharfainn chun aonaigh iad.

Seo mo chailín ag gabháil romham sa ród
Agus thug sí cogar dom fanacht ón ól
Ó b’fhearr liom í agam ná seal ag an bhord
Ná bheith ag iarratas leithphingin ‘s do ghloine in do dhorn

Is nach iomaí lá fada a chaith muid ar bord le bliain
‘S char fhág muid a’n leithphingin as scór gan díol
Bhí muid á shaothrú is á scaipeadh go fial’
‘S ólfaimid tuilleadh más áil le Dia.