Seán Bán Mo Ghrá – Amhráin is Ansa Liom

Amhránaí

Téamaí

Seán Bán Mo Ghrá

Mo chosa, is mo lámha, mo chnámha agus tá mé uilig tinn
‘S níl aon osna dá ndéanfainn nach ag gáire a bheadh an rógaire liom
Nach trua libh a chairde mar a fágadh mise i gceartlár na dtonn
‘S gan coite long ná bád agam ach amháin do Sheán Bán a bheith liom.

Is nach beag a shíl mé a Sheáin Bháin ó go ndéanfá tusa m’athrach go deo
Go n-éalófá le Mailí Bhán agus go bhfuígfeá thusa mise liom fhéin
I ndéidh gach oíche is gach lá is gach gáire dá raibh eadrainn ariamh
Is mo sheacht mh’anam déag ar an dá lámh a bhíodh tharam is nach mbíonn.

Nach iomaí áit álainn dá dtearn mé ‘gus tú tamall greann
Go claidhe chois garraí ná i lár na machaireacha lom’
Níor mhilse liom do phóg ná an rós ar a dtig mil ar a bláth
‘S tá cumhaidh orm i ndéidh mo stóirín ‘s ní mór ná go bhfuil mo chroí slán.

‘Sé Seán Bán mo ghrá ‘s gach áit dá n-insíonn sé scéal
D’fhág sé osnach i mo lár agus Leon sé mo bhuillí go léir
Agus bliain cha bhím beo má phósann sé an bhean úd ón tsliabh.

‘S ag geaftaí na tithe móire a chónaíos agus a chodlaíos mo ghrá
Is tá mo shúile ar an réalt eolais atá ina cónaí ar mhalaidh an tsliabh bán
Ach tá long ar an Éirne agus bhéarfaidh sí mise ‘na Spáinn’
‘S cha bhfillimse go deo deo go raibh féirín ó liom ”s ar Sheáin Bháin.

Suigh síos a ghrá dílis agus gheobhaidh tusa an duais
Nuair a thiocfaidh na daoine agus dhéanfar an t-airgead suas
Ó gheobhaidh tusa féirín lán guinea agus margaidh bhán
Is beidh tú siúl i do bhróg éadaí go haerach ar bhallaí an tSliabh Ruaidh.